An Nollaig Thiar

£9.50

Breandán Ó hEithir

In stock (can be backordered)

SKU: 25253 Category:

Description

Feiliúnach do léitheoirí óga ( Ranganna 5 & 6) chomh maith le déagóirí agus léitheoirí fásta.
Eagrán nua de thuairisc cháiliúil Bhreandán Uí Éithir ar a óige ar Inis Mór in Árainn.

Turas chuig campa géibheann san Oir-Ghearmáin tráth a raibh an Cogadh Fuar faoi lán seoil, creid é nó ná creid, a spreag Breandán Ó hEithir chun dul siar ar bhóithrín na smaoine agus an Nollaig mar a bhí in Árainn a óige a thabhairt chun cuimhne.

Cur síos ar shaol an oileáin chomh maith le cuimhní cinn atá sa leabhar gleoite seo, ina gcíortar an chaoi a gcaití an Nollaig ann chomh maith le míle ní eile a bhain le saol agus slí mhaireachtála an oileáin fré chéile. Nósanna, traidisiúin agus daoine atá imithe go deo anois, agus mar a deir an t-údar i líne dheireanach an leabhair, “Ní bheidh an Nollaig thiar go deo arís mar a bhíodh.”

Cuireann Breandán Ó hEithir síos ar an gcaoi a gcaití an Nollaig in Árainn sna blianta roimh an Dara Cogadh Domhanda agus lena linn. Foilsíodh an leabhar seo den chéad uair sa bhliain 1989 agus tá athchló déanta ag Cló Iar-Chonnacht ar théacs an bhunleagain agus é curtha faoi chlúdach nua. Tá ealaín leis an ealaíontóir Cyril Ó Flaithearta, ealaíontóir as Inis Mór, atá ar an gclúdach.

“Is mar leabhar do pháistí a cuireadh An Nollaig Thiar ar an margadh agus díoladh suas le sé mhíle cóip di. Is deas an leabhar é do shean agus óg agus is álainn an píosa scríbhneoireachta í.” – Liam Mac Con Iomaire, Breandán ó hEithir: Iomramh Aonair

Is leabhar álainn é seo inar thug Ó hEithir súil isteach ar an saol a bhí aige fhéin agus é ag fás aníos ina bhuachall óg ar Inis Mór. Rugadh é sa bhliain 1930 agus tugtar léargas sa leabhar seo ar an saol mar a bhí sa chéad leath den chéad seo caite.

Bhí athrú as cuimse ón uair a bhí Ó hEithir ina bhuachaill óg tagtha ar an saol faoin am gur foilsíodh an leabhar seo den chéad uair in 1989 agus is iomaí athrú eile fós atá tagtha ar an saol sna 27 bliain ó shin.

Is i stíl nádúrtha, taitneamhach, sholéite a scríobh Ó hEithir An Nollaig Thiar agus tá beocht agus fuinneamh san insint atá aige ar a óige.


Suitable for young readers (5th & 6th Class) and general readership.
A new edition of Breandán Ó hEithir’s classic memoir of Christmas as a boy growing up on Inis Mór in the Aran Islands.

This is a new edition of Breandán Ó hEithir’s classic account of his life growing up on Inis Mór in the Aran Islands in the 1930s and 1940s. First published by Poolbeg Presss in 1989, this is a new edition published by Cló Iar-Chonnacht and featuring artwork on the cover by the artist Cyril Ó Flaithearta who is also from Inis Mór and still lives and works there.

“First published as a book for children, over 6,000 copies of An Nollaig Thiar were sold. It is a wonderful book for both young and old and it is a lovely piece of writing.” – Liam Mac Con Iomaire, Breandan Ó hEithir: Iomramh Aonair.

This is a very enjoyable book in which Ó hEithir gives an intimate account of his boyhood on Inis Mór. Ó hEithir’s memoir brings life and vibrancy to his memories of daily life in the 1930s and 1940s on the Aran Islands.

Additional information

Weight 112 g
Author/Credit

Breandán Ó hEithir

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “An Nollaig Thiar”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.