Maidir Linn

Agus An Ceathrú Póilí ag ceiliúradh breis agus 30 bliain mar shiopa neamhspleách leabhair Ghaeilge, tá áthas orainn siopa ar-líne a chur ar fáil. Tá éagsúlacht mhór i gcatalóg an tsiopa — scéalta, stair, polaitíocht nó greann, mar shampla, agus leabhair do gach aois – idir dhaoine óga agus daoine fásta.

Suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, is mol litríocht fáilteach é an siopa do leabharbháigh, ceardaithe agus éisteoirí ceoil – tá fearadh na fáilte romhat cuairt a thabhairt orainn!

Is siopa leabhar neamhspleách An Ceathrú Póilí.

Tá muid suite i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta.

Is grá linn an Ghaeilge.

Is grá linn leabhair.

Is grá linn leabhair Ghaeilge ach go háirithe!