Posted on Fág Trácht

Reic Gheimhridh 2019!

An Ceathrú Póilí Christmas books

Tá mí na Nollag buailte linn, tá na laethanta níos gairide, an ghaoth níos fiáine agus is amhlaidh is teo teolaí tarraingtí atá an teach, go háirithe agus tú i do shuí cois tine le leabhar i lámh amháin agus cupán tae sa lámh eile.

Ón tSatharn 1 Nollaig go dtí an Chéadaoin 5 Nollaig, tá muid ag tairiscint lacáiste 10% ar achan ordú ar luach £30 nó níos mó lena chuidiú leat theacht ar leabhar cois tine duit féin, ar an chúpla leabhar sin do na stocaí Nollag, ar fhéiríní focal dóibh siúd is ansa leat. Le do lacáiste a chur i bhfeidhm, cuir isteach an cód lacáiste thíos agus tú ag seiceáil amach:

NOLLAIG2019

Ádh mór!

Posted on Fág Trácht

Leabhra Feabhra! – 1 Feabhra 2018

Leabhra Feabhra

Iontas atá ann gur imigh bliain thart ó imeachtaí Leabhra Feabhra anuraidh. Ceiliúradh litríocht na Gaeilge Leabhra Feabhra agus tá muid féin in An Ceathrú Póilí an-sásta féirín a bhronnadh ar ár gcuairteoirí – sa siopa agus ar anceathrupoili.com.

Tá lacáiste 10% ar gach leabhar ar ár suíomh idirlín, agus lacáiste 15% ar leabhair sa siopa Déardaoin, 1ú Feabhra 2018. Buail isteach inniu nó téigh go anceathrupoili.com.

Críoch le Leabhra Feabhra ar 5.30 sa siopa agus ar an mheán oíche ar an suíomh!

Don suíomh, bain úsáid as an chód dearbháin ‘leabhra2018‘ agus tú ag seiceáil amach.

Posted on Fág Trácht

Seoladh leabhar Sylvia Bledow – 29 Iúil 2017

Dónall Mac Giolla Chóill & Slyvia Bledow

Creid nó ná creid níorbh as Éirinn ná pór na hÉireann í Sylvia. Is as Michigan í agus tógadh í sa chrios meirgeach sin, áit arbh as ceol Motown agus na Supremes. Bhain sí céim amach ar Ollscoil Ann Arbor ann agus mar chuid den staidéar sin chaith sí tamall sa Ghearmáin. Ansin thug sí a haghaidh ar Mheicsiceo, áit ar mhúin si Béarla is Gearmáinis. Ba ansin a thit sí i ngrá le Gearmánach fir. Chuaigh sí ar ais go dtí An Ghearmáin leis, áit ar pósadh iad agus ar tógadh clann.

Bíodh sin mar atá, cad chuige a bhfuil suim aici i gcultúr na hÉireann? De réir mar a thuigim, bhí suim aici i gceol na hÉireann agus í ag éisteacht leis músclaíodh spéis inti i bhfocail na n-amhrán sean-nóis. Cén teanga atá inti agus cad é mar a chuirtear an ceol leis na focail? Tháinig sí ar chinneadh, cinneadh a chuir cor ina dán, rachadh sí go hÉirinn leis an teanga a bhlaiseadh. Shocraigh sí cúrsa fána coinne ar Oideas Gael in iardheisceart Dhún na nGall agus ba ansin a bhuail mé léi. Ar shuí isteach dom sa rang sean-nóis faoi stiúir Ghearóidín Néidí Frainc shuigh Sylvia i m’aice agus thosaigh sí ag cur cogar i mo chluas, ‘cad é mar a fhuaimnítear seo agus siúd, cad é a chiallaíonn an focal sin srl. Is dócha go n-aithníonn andúileach sean-nóis andúileach sean-nóis eile. Ón am sin i leith dhéanadh sí an rud ceannann céanna agus faoi cheann na seachtaine d’éirigh cairdeas eadrainn. Ach bhí fadhb mhór aici leanstan ar aghaidh leis an Ghaeilge agus í thall sa Ghearmáin. Shocraigh muid ar bheart. Scríobhfadh sí mír nó dhó sa Ghaeilge agus cheartóinn iad. De réir a chéile, tháinig borradh ar na míreanna, d’fás siad ina scéalta agus ní raibh sé rófhada go raibh cnuasach gearrscéalta aici. D’fhoilsigh Coiscéim é, comhlacht dá chuid Phádraig Uí Snodaigh, faoin teideal Fínéid as an tSín.

Stiofán Ó Direáin launching Sylvia Bledow's latest book
Stiofán Ó Direáin

Is dócha gur thit sí i ngrá le scríbhneoireacht mar trí bliana dár gcionn tháinig leabhar eile óna peann chugam, leabhar dar teideal Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin. Ba í Coiscéim an foilsitheoir arís. Sa leabhar úr seo, tá cur síos ar ghnéithe is ar thréithe na mban sa Ghearmáin. Istigh faightear: grá, drúis, grá gan chúiteamh, fadhbanna sóisialta na seanóirí, an saol fríd shúile an aosa óig, bean faoi mhíchumas, fadhbanna na dteifeach, bá, mná ag foghlaim Gaeilge, deoraíocht, agus faoi uafás is dhóchas is mheanma dhochloíte sna campaí géibhinn Auschwitz is Ravensbruck.

An chéad sliocht a chuir Sylvia inár láthair, ba shliocht é as an scéal Kaddish, scéal a bhaineas le dóchas gan sárú taobh istigh de champaí géibhinn Auschwitz agus Ravensbruck. Cinnte go bhfuil blas ar an bheagán. Seo an rud a dúirt Gerda:

'Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin' by Sylvia Bledow
An leabhar ‘Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin’ le Sylvia Bledow

Bhí an fichiú breithlá romham agus mé sa champa i Ravensbruck. Rud ar leith an fichiú breithlá, nach ea? Ní raibh mé ag iarraidh go rachadh sé thart mar ghnáthlá. Mar sin, níor ith mé mo chuid aráin an oíche roimhe. Rinne mé troscadh agus choinnigh an t-arán le go mbeadh dhá phíosa agam an lá arna mhárach. Ar an dóigh sin bheinn beagáinín sách, mar a bhínn tráth dá raibh. Saghas brontanais dom féín. Chuir mé in éadach beag é faoi mo philiúr. Ar mo bhreithlá dhúisigh mé agus chuir mé lámh faoi mo philiúr leis an chiondáil aráin a tharraingt amach, ach bhí sé imithe! Bhí mé in ísle brí. Mar bharr ar an donas, bhí orm a bheith ag obair ag an rollóir an lá sin, an obair ba mheasa is ba chontúirtí sa champa. Bhí an rollóir an-trom agus ba mhinic a ghortaítí cosa na mban agus iad ag obair leis. Mar sin, ba mhór an faitíos a bhí orainn go léir roimh an obair sin. Bhí muid amuigh ar tí tosú ar an obair nuair a shiúil grúpa ban eile tharainn. Gan focal a rá, d’fhág mé mo mheitheal féin agus chuaigh mé sa ghrúpa eile chomh neamhshuntasach agus ab fhéidir liom. Ní dúirt duine faic faoi ach an oiread agus mé ag fágáil an ghrúpa nua i ndiaidh tamaillín. Chuaigh mé ‘abhaile’, amhail is dá mbeadh sin breá normálta, agus thosaigh ag cniotáil. Bhí orainn stocaí a chníotáil do na saighdiúirí nuair a bhí am again, agus obair réasúnta thaitneamhach a bhí inti. Níor tháinig duine ar bith faoi mo choinne ná níor tharla aon drochrud dom ach an oiread. Ach níor bheag an baol dom féin an méid a rinne mé. Dá ngabhfaí mé thabharfaí léasadh dom, ar a laghad, mar gheall ar na rialacha a shárú. Ach níor gabhadh mé. Bhí mé i mo shuí ar mo leaba ag cniotáil agus mé sona sásta gur eirigh liom an obair chontúirteach úd a sheachaint ar mo bhreithlá. Tá mé brodúil fós go raibh sé de mhisneach agam é a dhéanamh. Blas beag saoirse a bhí agam an lá sin.

Chuir Sylvia an dlaoí mhullaigh ar an tseoladh le sliocht eile as an leabhar a léamh, sliocht a bhaineas le scéal dar teideal Gaeltacht Gnannenweiler, sceal ina bhfuil triúr ban ag bualadh le chéile go rialta le Gaeilge a fhoghlaim:

Nár inis mé daoibh riamh an scéal faoi conas a chruthaigh Dia an Ghaeilge? Seo mar a bhí: i dtús báire, chruthaigh Dia neamh agus talamh, solas agus dorchadas, na plandaí agus na hainmhithe, na fir agus na mná. Chonaic Dia gur mhaith sin. Ansin ba mhithid na teangacha a dháileadh ar na pobail. Mar sin, thug sé an Fhraincis do na Francaigh, an tSínis do na Sínigh, an Tuircis do na Turcaigh, agus teanga oiriúnach do gach pobal. Bhí na teangacha go léir dáilithe go luath, agus chonaic Dia gur mhaith sin. Ach ansin chonaic sé daoine ar oileán beag glas i bhfad i gcéin ag geáitsíocht go tréan gan rud ar bith ach corrgháír nó gnúsacht éigin ag teacht as a mbéil. ‘Nach mise an t-amadán ceart!’ ar seisean. ‘Rinne mé dearmad glan ar na Gaeil. Na créatúir! Agus na teangacha go léír caite agam! Cad is féidir liom a dhéanamh?’ Rinne sé a mhachnamh ar feadh cúpla bomaite. ‘Tá ‘s agam! Bronnfaidh mé mo theanga féin orthu!’ Agus sin a rinne sé.

Sna samplaí thuasluaite seo tá blaiseadh beag den chineál scéil a fhaightear sa leabhar nuafhoilsithe seo. Molaim an leabhar daoibh.

Tá muid fíor-bhuíoch d’fhoireann na Cultúrlainne, agus de Phádraig Ó Snodaigh, ach go háírithe.

Posted on Fág Trácht

Mí an Cheoil ag An Ceathrú Póilí – na halbaim.

Music Month at An Ceathru Poili Irish bookshop

Anois teacht an Earraigh beidh ’n lá ‘dul chun síneadh…

Agus an tEarrach linn sa deireadh thiar thall tá muid ag iarraidh roinnt dluthdhioscaí ceoil a roinnt libh.

Sona do Cheird – Doimnic Mac Giolla Bhríde

Conallach ó dhúchas, is duine de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada é Doimnic atá i mbun Chór Thaobh a’ Leithid agus Chór Loch Lao. Is é seo an tríú halbam aonair atá eisithe aige, chomh maith le ceirníní i gcomhar le Griogair Labhruidh agus Cór Thaobh a’ Leithid. Tá cnuasach amhrán do pháistí, Ící Pící, foilsithe aige fosta.

Ar Sona do Cheird, chum Doimnic foinn úra d’amhráin ón mhór-chnuasach Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh, cuid acu nár taifeadadh riamh.

Gaelré – Gráinne Holland

Tá Gráinne Holland ina sarcheoltóir traidisiúnta. Is é Gaelré an dara halbam atá taifeadta aici agus é eisithe ag Gael Linn.

Tá leagan de ‘Airdí Cuan’ nach bhfuil taifeadta mar amhrán ach ag Gráinne, i nGaeilge Ghlinnte Aontroma ó Bhailiúchán Doegen, chomh maith le hamhráin a chuala sí agus í ag fás aníos i mBéal Feirste – ‘Síos an Sliabh’ de chuid Albert Fry agus ‘Slóite na bhFiann’, arna aistriú go Gaeilge ag Séamus Ó Grianna.

The Seven Suns – John McSherry

As iarthar Bhéal Feirste John, duine de bhunaitheoirí Lúnasa, At First Light agus Coolfin atá aitheanta mar dhuine de na píobairí uilleann is gníomhaí sa lá atá inniu ann. Is turas The Seven Suns ar áiteanna éagsula thart ar an domhan a bhfuil ceangal acu le hÉirinn, na Ceiltigh agus ceol tíre ár n-oileáin.

Ghlac John inspioráid ar leith ó snoiteáin chloiche Dhubhadh agus na Seacht nGrian atá le feiceáil ansin. Tá an mhórchuid den cheol nuachumtha ag John agus tá cúpla píosa traidisiúnta ann fosta.

Áilleacht – Pádraigín Ní Uallacháin

Cnuasach d’amhráin nua-scríofa ag Pádraigín Ní Uallacháin, ceoltóir agus ceolscríbhneoir Ultach, atá in Áilleacht. Taifeadta i dTeileann, díríonn na hamhráin ar an ghrá. Chomh maith le hamhráin Phádraigín, tá ‘Cruit Dhubhróis’, scríofa ag an fhile iomráiteach Biddy Jenkinson.

Léirithe ag Steve Cooney agus Palle Mikkelborg ón Danmhairg, tá slua breá ceoltóirí le cluinstin ar Áilleacht, Iarla Ó Lionáird, Laoise Kelly, Odhrán Ó Casaide, Helen Davies, Mikkel Nordsø, agus Brian Dunning ina measc.

One Penny Portion – Lasairfhíona

Deich mbliana ó eisíodh ‘Flame of Wine’ agus cúig bliana déag ó sheoladh ‘An Raicín Álainn’, tá áthas orainn, sa deireadh thiar thall, One Penny Portion a chluinstin. Ó Inis Oírr ó dhúchas di, is ceirnín séimh é seo, agus é léirithe arís ag an fhidléir agus cumadóir Máire Breathnach.

Chomh maith leis na hamhráin mhóra ‘Éamonn an Chnoic’ agus ‘An Chuilfhionn’, tá amhráin neamhchoitianta le cluinstin fosta ar nós ‘Éilis Nic Dhiarmada Rua’ agus amhráin d’éisteoirí óga ar nós ‘She Didn’t Dance’.

Westward – Éilís Kennedy

Ceoltóir binn as Iarthar Chiarraí í Éilís Ní Chinnéide atá i ndiaidh a tríú ceirnín aonair Westward a eisiúint. Tá aithne uirthi na laethanta seo mar leath den dísreach Lumière, i gcomhluadar Pauline Scanlon.

Tá leagan bríomhar, nua den seanamhrán grinn ‘An tÚll’, a d’fhoghlaim sí óna máthair Edna Ní Chinnéide, chomh maith le ‘Pé in Éirinn Í’ ón fhile Uilliam Dall Ua hEarnáin. Tá scríbhneoireacht cheoil Éilís le cluinstin ar Westward ar an sáramhrán álainn ‘The Flannel Red’, chomh maith le ceann d’amhráin mhóra na hAlban, ‘Cailín Mo Rún-sa’.

Na Mooneys – Na Mooneys

Tá sloinne chlann Uí Mhaonaigh ar comhchiall le ceol aduaidh na tíre seo. Tá clú ar Mhairéad Ní Mhaonaigh mar cheoltóir agus fidléir leis an ghrúpa Altan. Sular bhunaigh Mairéad Altan leis an Fheirsteach Frankie Kennedy, bhí sí ina ball de Ragairne i dteannta a dearthár Gearóid agus Conallach eile, Enya. Ar an cheirnín seo tá Anna Ní Mhaonaigh le cluinstin, í féin ina ball den ghrúpa Macalla le Seosaimhín Ní Bheaglaoich, agus an fidléir Ciarán Ó Maonaigh ón ghrúpa Fidil, mac Ghearóid.

Tá guth Nia, iníon Mhairéad le cluinstin, chomh maith le huirlisí éagsúla Manus Lunny, a léirigh an t-albam. Ceann de bhuachphointí Na Mooneys ná ‘A Óganaigh Óig’ agus fonn nuachumtha leis, agus Dónal na Gealaí faoi stiúir ghlór Anna Ní Mhaonaigh.

Lonesome George – Lonesome George

Thosaigh Lonesome George mar ghrúpa i dteach tábhairne an Sunflower ar Shráid Union i gcathair Bhéal Feirste. Le glórthaí, olldord, giotáir, fidle, bodhrán agus bainseó sa mheascán, is tionscnamh ar leith é seo lán d’amhráin nuachumtha agus foinn athchóirithe.

Tá cóiriúcháin aisteacha, áthasacha ann spreagtha ag damhsaí Giúdacha, agus ceol Calypso Mhuir Chairib ó dhearcadh na gceoltóirí traidisiúnta.

Mo Chamán Bán – Éamonn Ó Faogáin

Duine de phearsana móra Bhéal Feirste, bhí comhghrá ag Éamonn Ó Faogáin don cheol agus don iománaíocht. Bhí Éamonn Mór mar bhall ceannródaíoch de Chór Aifreann Feirste agus mar stiúrthóir ceoil acu ar feadh breis is 30 bliain.

Cé gur éag Éamonn anuraidh, tá stór amhrán luachmhar fágtha ina dhiaidh aige. Is taisce amhrán Gaeilge agus Béarla faoin iománaíocht é Mo Chamán Bán agus guth binn an fhir mhóir féin le cluinstin ann.

Turrys – Ruth Keggin

Is as Oileán Mhanann Ruth Keggin a bhfuil dhá cheirnín i nGaeilge Mhanann eisithe aici. Tá sí fosta ina ball den ghrúpa ‘Aon Teanga’ in éineacht le Mary Ann Kennedy (Gàidhlig) agus Eoghan Ó Ceannabháin (Gaeilge).

Is féidir cosúlachtaí agus difríochtaí idir ár nGaeilge féin agus Gaeilge Mhanann a chluinstin agus an stíl faoi leith atá ag Ruth agus ceoltóirí tíre an oileáin. Beidh aithne ar Ghaeilgeoirí ar ‘Ushag Varrey’ (taifeadta ag Éamonn Ó Faogáin agus Gráinne Holland), agus seans ann cúpla focal Mhanainnise a fhoghlaim ón cheirnín álainn seo.

Modal Citizen – Josie Nugent

Is as an Chlár do Josie Nugent a bhfuil cónaí anois uirthi i mBéal Feirste lena fear céile, an píobaire Brian Stafford. I ndiaidh di cúpla albam a thaifeadadh lena fear céile agus lena deirfiúr Mary, d’eisigh Josie a céad cheirnín aonair, Modal Citizen, anuraidh.

Is bailiúchán d’fhoinn as an Chlár, as tuaisceart na hÉireann, as Sasana agus as an tSualainn atá ar an cheirnín seo, le veidhlín ochtach, fidil Stroh agus pianó stáitse MK1 le cluinstin air. I gcomhluadar Josie tá na sárcheoltóirí Mary Nugent, Nigel agus Dianne Boullier, Geordie McAdam, Alan Burke, Sean O’Donnell, Séamus O’Kane agus Mark Wilson.

North – Conor Caldwell agus Danny Diamond

Is fidléirí Feirsteacha iad Conor Caldwell agus Danny Diamond a bhfuil cáil bainte amach acu mar bhaill de ghrúpaí éagsúla. Thaifead siad ‘North’ i stiúideo Thaisce Cheol Dúchais Éireann i mBaile Átha Cliath.

Is léachtóir é Conor i Roinn na nEalaíon Cruthaitheach in Ollscoil na Ríona. Tá Danny ina bhall de na grúpaí Mórga agus Slow Moving Clouds.

Posted on Fág Trácht

Lacáistí móra inniu – Leabhra Feabhra!

Leabhra Feabhra

Traidisiún atá ann anois agus don tríú bliain tá muid ag ceiliúradh ‘Leabhra Feabhra’, imeacht bliantúil inar féidir le lucht na Gaeilge a ngrá a léiriú do litríocht agus scríbhneoireacht na Gaeilge.

Tá lácaiste 10% ar gach leabhar ar ár suíomh idirlín, agus lácaiste 15% ar leabhair ins an tsiopa – buail isteach inniú nó téigh go anceathrupoili.com. Críoch le Leabhra Feabhra anocht ar an mheán oíche!

Don suíomh, bain úsáid as an cód dearbháin ‘leabhra2017‘ agus tú ag seiceáil amach.

Posted on Fág Trácht

Seoladh ‘Tír Eile’ agus ‘Bunchúrsa Albainise’

Gabhan Ó Fachtna at book launch in An Ceathrú Póilí

Seoladh ‘Tír Eile’ agus ‘Bunchúrsa Albainise’ ag Club Leabhar Choiscéim Feirste, dhá leabhar nua ó Gabhan Ó Fachtna atá ar fáil anois sa Ceathrú Póilí nó anceathrupoili.com. 🙂

Grianghraifeanna

Cuid den mhéid a bhí le rá ag Gabhán Ó Fachtna ag seoladh leabhar s’aige Bunchúrsa Albainise mar pháirt de Chlubleabhar Choiscéim Feirste

Ba mhaith liom cúpla focal a rá fá dtaobh den leabhar Albainise, nó fá dtaobh den Albainis go ginearálta.  Caithfidh mé a admháil ar dtús nach sílim go bhfuil an Albainis lán chomh tábhachtach leis an Ghàidhlig. Mar sin féin, fiú mura bhfuil sí 100% chomh tábhachtach, tá sí iontach tábhachtach fós do chultúr, litríocht agus stair na hAlban, agus go háirithe do stair na hAlban mar thír neamhspleách sna Meánaoiseanna, mar ba theanga stáit í.

Maidir le Cúige Uladh, ní dhéanann sé aon dochar a bheith ar an eolas faoi theangacha na hAlban ach oiread, mar ní féidir polaitíocht na gcontaetha seo a thuiscint gan an ghné sin de chultúr na hAlban a thuiscint.  Ba mhaith liom sliocht gairid a léamh as alt le fear darb ainm Paul Kavanagh, blagálaí Náisiúnach, le taispeáint cén fáth:

“Gaelic retreated into the high valleys and the less accessible hilly districts.  Increasingly Scots speakers came to see their own language as representing a ‘better and more modern’ way of being Scottish than Gaelic, which came to be associated with social backwardness and ancient tribalism. It was the beginning of the oppression and stereotyping which would characterise Gaelic’s history until recent times.”

Tháinig 85% de na Plandóirí ó Albain, agus sílim féin gurb í sin foinse an tseicteachais, nó cuid mhór de ar a laghad. Go bunúsach, baineann sé le grúpa daoine a d’fhás suas i dtimpeallacht ilteangach nó a raibh a fhios acu go raibh sinsir ilteangacha acu cúpla glúin roimhe sin ar mhian leo traidisiún eitneach Gearmánach a leanúint ar mhaithe le bheith nua-aimseartha.

Na laethanta seo, ar ndóigh, tá an meon sin i bhfad níos láidre i dTuaisceart Éireann ná in Albain féin. Sin an fáth nach dtuigeann Protastúnaigh Thuaisceartacha gluaiseacht na Gaeilge. Sin an fáth nach dtuigeann siad an dlúthcheangal idir an Náisiúnachas agus an teanga. Sin an fáth a síleann siad go bhfoghlaimíonn daoine Gaeilge d’aon turas le cur isteach orthu — mar níl an cultúr leath chomh tábhachtach leis an pholaitíocht. Caithfear a rá fosta go bhfuil an dearcadh Albanach i leith teangacha sa chúlra áit éigin agus Aontachtaithe ag plé le hAlbainis Uladh, nach bhfuil an oiread sin tacaíochta aici ina measc agus a shílfeá ó pholaiteoirí.

Ó thaobh Albainis Uladh de, in amanna feictear dom nach n-aithníonn daoine anseo an rud is bunúsaí fúithi: i gcomparáid leis an Albainis in Albain, is sideshow í. Tá 98% de na cainteoirí ina gcónaí in Albain. Tá cuid de na cainteoirí sin ina n-Aontachtaithe agus cuid acu ina Náisiúnaithe, ach in Albain is Náisiúnaithe iad 95% de na gníomhaithe teanga — rud nach bhfuil fíor i gcás na Gàidhlig. Cén fáth? Bhuel, d’athraigh an tAontas stádas teangeolaíoch na hAlbainise, rud nár tharla leis an Ghàidhlig.

Is toisc go bhfuil muid ag déileáil le sideshow i gCúige Uladh go bhfuil daoine in ann miotais dá gcuid féin a scaipeadh fá dtaobh den Albainis. I measc Aontachtaithe, is é an ceann is mó ná gur teanga ar leith í Albainis Uladh seachas cuid de theanga a labhraítear in Albain (nó “canúint” más ceadmhach droch-chaint den chineál sin a úsáid). Tá dhá chúis leis sin: le dul in iomaíocht leis an Ghaeilge, ar teanga í, gan aon agó; agus toisc go bhfuil an Albainis in Albain chomh fíor-Náisiúnach sin ar leibhéal polaitiúil. Níl mórán cainteoirí ina gcónaí anseo, agus dá bharr sin, is rud furasta é tacú leis an mhiotas sin trí fhoirm den Albainis a úsáid nach bhfuil bunaithe ar an litríocht thraidisiúnta.

I measc Náisiúnaithe na hÉireann, tá cúpla miotas ann. Sa chéad áit, bíonn an-deacracht acu a admháil go raibh agus go bhfuil Albain ilteangach. In amanna síleann siad gur cineál Bhéarla na hÉireann í an Albainis, cé go dtagann níos lú ná 1% den fhoclóir ón Cheiltis, de réir staidéir acadúla.  In amanna maíonn siad fosta go dtagann focail chanúna ón Ghaeilge cé go bhfuil siad in úsáid san Albainis leis na céadta bliain — sampla maith de seo an focal “crack”. Tuigim do chás más rud é nach bhfuil tú ag iarraidh aontú le Nelson McCausland faoi cheist theangeolaíoch ach, mar a deirtear sa Bhéarla, fiú clog briste, bíonn an ceart aige dhá uair sa lá.

Sa leabhrán seo, tá muid ag plé le teanga na 19ú haoise den chuid is mó ach, cosúil leis an scéal leis an Ghaeilge in Éirinn, tá teanga na 19ú haoise beo beathach in áiteanna faoin tuath. Achan seans nach labhraíonn ach 100,000 duine ar an dóigh thraidisiúnta seo faoi láthair. Cé go bhfuil tionchar ollmhór ag an Albainis ar chaint an lucht oibre sna cathracha, na laethanta seo tá na canúintí sin níos gaire don Bhéarla Caighdeánach.

Ó thaobh thodhchaí na hAlbainise de, ní bheinn ródhóchasach. Is í an fhadhb is mó ná go bhfuil cuma iontach seanaimseartha uirthi anois, cé go raibh sí níos nua-aimseartha ná an Ghàidhlig tráth den saol. Tá cuid mhaith den fhoclóir ceangailte isteach le teicneolaíocht nach bhfuil in úsáid a thuilleadh a bhaineann leis an talmhaíocht agus rudaí eile. Fiú mura mairfidh an Albainis ina foirm thraidisiúnta, áfach, beidh focail agus struchtúir Albainise measctha isteach i mBéarla na hAlban go ceann i bhfad fós, agus beidh daoine in ann aithne níos fearr a chur uirthi mar gheall ar an chosúlacht leis an Bhéarla más maith leo. I gcomparáid leis sin, is leabhar druidte í an Ghàidhlig.

Aon duine a dhéanann an cúrsa seo, beidh sé ábalta dul i ngleic leis an litríocht thraidisiúnta gan mórán stró.  Tá sé sin fíor i gcás Albainis Uladh fosta, nó chloígh na Rhyming Weavers, ar Phoblachtaigh iad den chuid ba mhó, le córas pan-chanúnach litrithe na Nua-Albainise. Agus sílim féin gur sin an rud is tábhachtaí: a bheith in ann saol ár sinsear a thuiscint, an t-ómós atá tuillte acu a thabhairt dóibh, agus freagra a thabhairt ar an cheist phianmhar “Cárb as dúinn?”.

Posted on Fág Trácht

Gradam Réics Carló 2016

Gradam Réics Carló 2016

Seo iad na cúig leabhar ar ghearrliosta Réics Carló 2016 

Comhghairdeas le Máire Zepf a bhfuil 2 leabhar aici ar an liosta – maith í!

  1. An Madra Mistéireach le Patricia Mac Eoin agus Richard Watson (Futa Fata)
  2. Ná Gabh ar Scoil! le Máire Zepf agus Tarsila Krüse (Futa Fata)
  3. Lá Leis na Lochlannaigh le Máire Zepf (Cois Life)
  4. Hata Zú Mhamó le hÁine Ní Ghlinn (Cois Life)
  5. Éalú as an Lios le hAoife Ní Dhufaigh (Leabhar Breac)

 

Posted on Fág Trácht

15 Deireadh Fómhair: Dhá leabhar á lainseáil ag Club Leabhar Choiscéim Feirste

Two books by Gabhán Ó Fachtna to be launched in An Chultúrlann

Seolfar ‘Bunchúrsa Albainise’, leabhar d’fhoghlaimeoirí Albainise le Gabhán Ó Fachtna in éineacht le ‘Tír Eile’, an cnuasach nua gearrscéalta leis an údar chéanna, ag ócáid de chuid Chlub Leabhar Choiscéim Feirste, i nDánlann Dillon, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Dé Sathairn, 15 Deireadh Fómhair @ 1.00in.  Fáilte roimh chách.

Is féidir an dá leabhar a hordú anseo ar ár suíomh.

Posted on Fág Trácht

Féile Idirnáisiúnta Ealaín Bhéal Feirste – Leabhar na hAthghabhála

Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession - Louis de Paor

Ceiliuradh ar Leabhar na hAthghabhála i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich
16 Deireadh Fómhair 2016, 6 i.n.

Déanfar ceiliuradh an trathnóna seo ar fhoilsiú leabhar thabhachtach filíochta, Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession, foilsithe ag Cló Iar Chonnacht/Bloodaxe Books.

Is é seo an chead duanaire chuimsitheach chriticiúl de nua fhilíocht na Gaeilge le h-aistriúcháín Bhéarla. Is é an freagra ar dhuanaire cheannródach Sheáin  Uí Thuama agus Thomas Kinsella, An Duanaire 1600-1900/Poems of the Dispossessed (1981).

Louis de Paor a chur an saothar in eagar agus cuireann an leabhar san áíreamh réimse filíochta ó thréimhse na h-athbheochana  go dtí ré an lae inniu le dánta ó leithéidí Pádraig Mac Piarais, Colm Breathnach agus Mícheál Ó Cuaig. Beidh Gearóid Mac Lochlainn agus Áine Ní Ghlinn i measc ceithre fhile a bheidh ag léamh ar an oíche.

Buail isteach chugainn in An Ceathrú Póilí le greim a fháil ar do chóip féin den leabhar! 🙂