Launch of ‘Tír Eile’ and ‘Bunchúrsa Albainise’

Seoladh ‘Tír Eile’ agus ‘Bunchúrsa Albainise’ ag Club Leabhar Choiscéim Feirste, dhá leabhar nua ó Gabhan Ó Fachtna atá ar fáil anois sa Ceathrú Póilí nó anceathrupoili.com. 🙂

Grianghraifeanna

Cuid den mhéid a bhí le rá ag Gabhán Ó Fachtna ag seoladh leabhar s’aige Bunchúrsa Albainise mar pháirt de Chlubleabhar Choiscéim Feirste

Ba mhaith liom cúpla focal a rá fá dtaobh den leabhar Albainise, nó fá dtaobh den Albainis go ginearálta.  Caithfidh mé a admháil ar dtús nach sílim go bhfuil an Albainis lán chomh tábhachtach leis an Ghàidhlig. Mar sin féin, fiú mura bhfuil sí 100% chomh tábhachtach, tá sí iontach tábhachtach fós do chultúr, litríocht agus stair na hAlban, agus go háirithe do stair na hAlban mar thír neamhspleách sna Meánaoiseanna, mar ba theanga stáit í.

Maidir le Cúige Uladh, ní dhéanann sé aon dochar a bheith ar an eolas faoi theangacha na hAlban ach oiread, mar ní féidir polaitíocht na gcontaetha seo a thuiscint gan an ghné sin de chultúr na hAlban a thuiscint.  Ba mhaith liom sliocht gairid a léamh as alt le fear darb ainm Paul Kavanagh, blagálaí Náisiúnach, le taispeáint cén fáth:

“Gaelic retreated into the high valleys and the less accessible hilly districts.  Increasingly Scots speakers came to see their own language as representing a ‘better and more modern’ way of being Scottish than Gaelic, which came to be associated with social backwardness and ancient tribalism. It was the beginning of the oppression and stereotyping which would characterise Gaelic’s history until recent times.”

Tháinig 85% de na Plandóirí ó Albain, agus sílim féin gurb í sin foinse an tseicteachais, nó cuid mhór de ar a laghad. Go bunúsach, baineann sé le grúpa daoine a d’fhás suas i dtimpeallacht ilteangach nó a raibh a fhios acu go raibh sinsir ilteangacha acu cúpla glúin roimhe sin ar mhian leo traidisiún eitneach Gearmánach a leanúint ar mhaithe le bheith nua-aimseartha.

Na laethanta seo, ar ndóigh, tá an meon sin i bhfad níos láidre i dTuaisceart Éireann ná in Albain féin. Sin an fáth nach dtuigeann Protastúnaigh Thuaisceartacha gluaiseacht na Gaeilge. Sin an fáth nach dtuigeann siad an dlúthcheangal idir an Náisiúnachas agus an teanga. Sin an fáth a síleann siad go bhfoghlaimíonn daoine Gaeilge d’aon turas le cur isteach orthu — mar níl an cultúr leath chomh tábhachtach leis an pholaitíocht. Caithfear a rá fosta go bhfuil an dearcadh Albanach i leith teangacha sa chúlra áit éigin agus Aontachtaithe ag plé le hAlbainis Uladh, nach bhfuil an oiread sin tacaíochta aici ina measc agus a shílfeá ó pholaiteoirí.

Ó thaobh Albainis Uladh de, in amanna feictear dom nach n-aithníonn daoine anseo an rud is bunúsaí fúithi: i gcomparáid leis an Albainis in Albain, is sideshow í. Tá 98% de na cainteoirí ina gcónaí in Albain. Tá cuid de na cainteoirí sin ina n-Aontachtaithe agus cuid acu ina Náisiúnaithe, ach in Albain is Náisiúnaithe iad 95% de na gníomhaithe teanga — rud nach bhfuil fíor i gcás na Gàidhlig. Cén fáth? Bhuel, d’athraigh an tAontas stádas teangeolaíoch na hAlbainise, rud nár tharla leis an Ghàidhlig.

Is toisc go bhfuil muid ag déileáil le sideshow i gCúige Uladh go bhfuil daoine in ann miotais dá gcuid féin a scaipeadh fá dtaobh den Albainis. I measc Aontachtaithe, is é an ceann is mó ná gur teanga ar leith í Albainis Uladh seachas cuid de theanga a labhraítear in Albain (nó “canúint” más ceadmhach droch-chaint den chineál sin a úsáid). Tá dhá chúis leis sin: le dul in iomaíocht leis an Ghaeilge, ar teanga í, gan aon agó; agus toisc go bhfuil an Albainis in Albain chomh fíor-Náisiúnach sin ar leibhéal polaitiúil. Níl mórán cainteoirí ina gcónaí anseo, agus dá bharr sin, is rud furasta é tacú leis an mhiotas sin trí fhoirm den Albainis a úsáid nach bhfuil bunaithe ar an litríocht thraidisiúnta.

I measc Náisiúnaithe na hÉireann, tá cúpla miotas ann. Sa chéad áit, bíonn an-deacracht acu a admháil go raibh agus go bhfuil Albain ilteangach. In amanna síleann siad gur cineál Bhéarla na hÉireann í an Albainis, cé go dtagann níos lú ná 1% den fhoclóir ón Cheiltis, de réir staidéir acadúla.  In amanna maíonn siad fosta go dtagann focail chanúna ón Ghaeilge cé go bhfuil siad in úsáid san Albainis leis na céadta bliain — sampla maith de seo an focal “crack”. Tuigim do chás más rud é nach bhfuil tú ag iarraidh aontú le Nelson McCausland faoi cheist theangeolaíoch ach, mar a deirtear sa Bhéarla, fiú clog briste, bíonn an ceart aige dhá uair sa lá.

Sa leabhrán seo, tá muid ag plé le teanga na 19ú haoise den chuid is mó ach, cosúil leis an scéal leis an Ghaeilge in Éirinn, tá teanga na 19ú haoise beo beathach in áiteanna faoin tuath. Achan seans nach labhraíonn ach 100,000 duine ar an dóigh thraidisiúnta seo faoi láthair. Cé go bhfuil tionchar ollmhór ag an Albainis ar chaint an lucht oibre sna cathracha, na laethanta seo tá na canúintí sin níos gaire don Bhéarla Caighdeánach.

Ó thaobh thodhchaí na hAlbainise de, ní bheinn ródhóchasach. Is í an fhadhb is mó ná go bhfuil cuma iontach seanaimseartha uirthi anois, cé go raibh sí níos nua-aimseartha ná an Ghàidhlig tráth den saol. Tá cuid mhaith den fhoclóir ceangailte isteach le teicneolaíocht nach bhfuil in úsáid a thuilleadh a bhaineann leis an talmhaíocht agus rudaí eile. Fiú mura mairfidh an Albainis ina foirm thraidisiúnta, áfach, beidh focail agus struchtúir Albainise measctha isteach i mBéarla na hAlban go ceann i bhfad fós, agus beidh daoine in ann aithne níos fearr a chur uirthi mar gheall ar an chosúlacht leis an Bhéarla más maith leo. I gcomparáid leis sin, is leabhar druidte í an Ghàidhlig.

Aon duine a dhéanann an cúrsa seo, beidh sé ábalta dul i ngleic leis an litríocht thraidisiúnta gan mórán stró.  Tá sé sin fíor i gcás Albainis Uladh fosta, nó chloígh na Rhyming Weavers, ar Phoblachtaigh iad den chuid ba mhó, le córas pan-chanúnach litrithe na Nua-Albainise. Agus sílim féin gur sin an rud is tábhachtaí: a bheith in ann saol ár sinsear a thuiscint, an t-ómós atá tuillte acu a thabhairt dóibh, agus freagra a thabhairt ar an cheist phianmhar “Cárb as dúinn?”.

Leave a Comment

You must be logged in to post a comment.