Aois na hÓige Díolaim Próis

Aisling Ní Dhonnchadha, Máirín Nic Eoin

Sa stoc

SKU: 26652 Catagóir:
9781784441753

Cur síos

Cén léargas a thugann nualitríocht na Gaeilge dúinn ar eispéireas na hóige in Éirinn? An bhfuil sainghnéithe ar leith de scéal an pháiste á léiriú sna foinsí Gaeilge? Is éard atá sa díolaim seo ná cnuasach saibhir d’ábhar próis ó fhoinsí ilghnéitheacha dírbheathaisnéise agus ficsin a roghnaíodh chun solas a chaitheamh ar an dá cheist seo. Tá cuntais ar eachtraí óige anseo ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, chomh maith le hábhar ficsin atá lonnaithe i gceantair eile tuaithe, i mbailte móra agus i mBaile Átha Cliath. Feictear saol an teaghlaigh agus saol an phobail, an córas oideachais agus an córas eacnamaíoch, ócáidí sonais agus ócáidí bróin, agus an t-iomlán trí shúile an pháiste óig nó trí chuimhní cinn an duine fhásta ar thréimse na hóige. Cuimsíonn ábhar na díolama raon leathan téamaí, pointí féachana agus stíleanna inste, agus nochtar gnéithe de scéal na hóige nach mbíonn an oiread sin tráchta orthu i bhfoinsí oifigiúla.

Is léachtóir Sinsearach i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad í Aisling Ní Dhonnchadha. Is Ollamh Emerita le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í Máirín Nic Eoin. Is scoláirí litríochta iad beirt, a bhfuil saothair bhunúla chritice foilsithe acu ar ghnéithe éagsúla de nualitríocht na Gaeilge.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara