Sylvia Bledow book launch – 29 July 2017

Creid nó ná creid níorbh as Éirinn ná pór na hÉireann í Sylvia. Is as Michigan í agus tógadh í sa chrios meirgeach sin, áit arbh as ceol Motown agus na Supremes. Bhain sí céim amach ar Ollscoil Ann Arbor ann agus mar chuid den staidéar sin chaith sí tamall sa Ghearmáin. Ansin thug sí a haghaidh ar Mheicsiceo, áit ar mhúin si Béarla is Gearmáinis. Ba ansin a thit sí i ngrá le Gearmánach fir. Chuaigh sí ar ais go dtí An Ghearmáin leis, áit ar pósadh iad agus ar tógadh clann.

Stiofán Ó Direáin launching Sylvia Bledow's latest book

Stiofán Ó Direáin

Bíodh sin mar atá, cad chuige a bhfuil suim aici i gcultúr na hÉireann? De réir mar a thuigim, bhí suim aici i gceol na hÉireann agus í ag éisteacht leis músclaíodh spéis inti i bhfocail na n-amhrán sean-nóis. Cén teanga atá inti agus cad é mar a chuirtear an ceol leis na focail? Tháinig sí ar chinneadh, cinneadh a chuir cor ina dán, rachadh sí go hÉirinn leis an teanga a bhlaiseadh. Shocraigh sí cúrsa fána coinne ar Oideas Gael in iardheisceart Dhún na nGall agus ba ansin a bhuail mé léi. Ar shuí isteach dom sa rang sean-nóis faoi stiúir Ghearóidín Néidí Frainc shuigh Sylvia i m’aice agus thosaigh sí ag cur cogar i mo chluas, ‘cad é mar a fhuaimnítear seo agus siúd, cad é a chiallaíonn an focal sin srl. Is dócha go n-aithníonn andúileach sean-nóis andúileach sean-nóis eile. Ón am sin i leith dhéanadh sí an rud ceannann céanna agus faoi cheann na seachtaine d’éirigh cairdeas eadrainn. Ach bhí fadhb mhór aici leanstan ar aghaidh leis an Ghaeilge agus í thall sa Ghearmáin. Shocraigh muid ar bheart. Scríobhfadh sí mír nó dhó sa Ghaeilge agus cheartóinn iad. De réir a chéile, tháinig borradh ar na míreanna, d’fás siad ina scéalta agus ní raibh sé rófhada go raibh cnuasach gearrscéalta aici. D’fhoilsigh Coiscéim é, comhlacht dá chuid Phádraig Uí Snodaigh, faoin teideal Fínéid as an tSín.

'Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin' by Sylvia Bledow

The book ‘Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin’ by Sylvia Bledow

Is dócha gur thit sí i ngrá le scríbhneoireacht mar trí bliana dár gcionn tháinig leabhar eile óna peann chugam, leabhar dar teideal Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin. Ba í Coiscéim an foilsitheoir arís. Sa leabhar úr seo, tá cur síos ar ghnéithe is ar thréithe na mban sa Ghearmáin. Istigh faightear: grá, drúis, grá gan chúiteamh, fadhbanna sóisialta na seanóirí, an saol fríd shúile an aosa óig, bean faoi mhíchumas, fadhbanna na dteifeach, bá, mná ag foghlaim Gaeilge, deoraíocht, agus faoi uafás is dhóchas is mheanma dhochloíte sna campaí géibhinn Auschwitz is Ravensbruck.

An chéad sliocht a chuir Sylvia inár láthair, ba shliocht é as an scéal Kaddish, scéal a bhaineas le dóchas gan sárú taobh istigh de champaí géibhinn Auschwitz agus Ravensbruck. Cinnte go bhfuil blas ar an bheagán. Seo an rud a dúirt Gerda:

Bhí an fichiú breithlá romham agus mé sa champa i Ravensbruck. Rud ar leith an fichiú breithlá, nach ea? Ní raibh mé ag iarraidh go rachadh sé thart mar ghnáthlá. Mar sin, níor ith mé mo chuid aráin an oíche roimhe. Rinne mé troscadh agus choinnigh an t-arán le go mbeadh dhá phíosa agam an lá arna mhárach. Ar an dóigh sin bheinn beagáinín sách, mar a bhínn tráth dá raibh. Saghas brontanais dom féín. Chuir mé in éadach beag é faoi mo philiúr. Ar mo bhreithlá dhúisigh mé agus chuir mé lámh faoi mo philiúr leis an chiondáil aráin a tharraingt amach, ach bhí sé imithe! Bhí mé in ísle brí. Mar bharr ar an donas, bhí orm a bheith ag obair ag an rollóir an lá sin, an obair ba mheasa is ba chontúirtí sa champa. Bhí an rollóir an-trom agus ba mhinic a ghortaítí cosa na mban agus iad ag obair leis. Mar sin, ba mhór an faitíos a bhí orainn go léir roimh an obair sin. Bhí muid amuigh ar tí tosú ar an obair nuair a shiúil grúpa ban eile tharainn. Gan focal a rá, d’fhág mé mo mheitheal féin agus chuaigh mé sa ghrúpa eile chomh neamhshuntasach agus ab fhéidir liom. Ní dúirt duine faic faoi ach an oiread agus mé ag fágáil an ghrúpa nua i ndiaidh tamaillín. Chuaigh mé ‘abhaile’, amhail is dá mbeadh sin breá normálta, agus thosaigh ag cniotáil. Bhí orainn stocaí a chníotáil do na saighdiúirí nuair a bhí am again, agus obair réasúnta thaitneamhach a bhí inti. Níor tháinig duine ar bith faoi mo choinne ná níor tharla aon drochrud dom ach an oiread. Ach níor bheag an baol dom féin an méid a rinne mé. Dá ngabhfaí mé thabharfaí léasadh dom, ar a laghad, mar gheall ar na rialacha a shárú. Ach níor gabhadh mé. Bhí mé i mo shuí ar mo leaba ag cniotáil agus mé sona sásta gur eirigh liom an obair chontúirteach úd a sheachaint ar mo bhreithlá. Tá mé brodúil fós go raibh sé de mhisneach agam é a dhéanamh. Blas beag saoirse a bhí agam an lá sin.

Chuir Sylvia an dlaoí mhullaigh ar an tseoladh le sliocht eile as an leabhar a léamh, sliocht a bhaineas le scéal dar teideal Gaeltacht Gnannenweiler, sceal ina bhfuil triúr ban ag bualadh le chéile go rialta le Gaeilge a fhoghlaim:

Nár inis mé daoibh riamh an scéal faoi conas a chruthaigh Dia an Ghaeilge? Seo mar a bhí: i dtús báire, chruthaigh Dia neamh agus talamh, solas agus dorchadas, na plandaí agus na hainmhithe, na fir agus na mná. Chonaic Dia gur mhaith sin. Ansin ba mhithid na teangacha a dháileadh ar na pobail. Mar sin, thug sé an Fhraincis do na Francaigh, an tSínis do na Sínigh, an Tuircis do na Turcaigh, agus teanga oiriúnach do gach pobal. Bhí na teangacha go léir dáilithe go luath, agus chonaic Dia gur mhaith sin. Ach ansin chonaic sé daoine ar oileán beag glas i bhfad i gcéin ag geáitsíocht go tréan gan rud ar bith ach corrgháír nó gnúsacht éigin ag teacht as a mbéil. ‘Nach mise an t-amadán ceart!’ ar seisean. ‘Rinne mé dearmad glan ar na Gaeil. Na créatúir! Agus na teangacha go léír caite agam! Cad is féidir liom a dhéanamh?’ Rinne sé a mhachnamh ar feadh cúpla bomaite. ‘Tá ‘s agam! Bronnfaidh mé mo theanga féin orthu!’ Agus sin a rinne sé.

Sna samplaí thuasluaite seo tá blaiseadh beag den chineál scéil a fhaightear sa leabhar nuafhoilsithe seo. Molaim an leabhar daoibh.

Tá muid fíor-bhuíoch d’fhoireann na Cultúrlainne, agus de Phádraig Ó Snodaigh, ach go háírithe.

Leave a Comment

You must be logged in to post a comment.