Ag Caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge

Louis de Paor

Out of stock

SKU: 27383 Category:
9781784441777

Description

Cén gaol is ceart, nó is féidir, a bheith idir an scríbhneoir aonair is an traidisiúin a tháinig roimhe, agus conas a bheidh léitheoirí a linne féin ag freagairt don ngné sin dá shaothar? Sa mhéid gur traidisiún scoilte é traidisiún na Gaeilge, cuid mhaith, is go bhfuil go leor dá cuid scríbhneoir agus dá cuid léitheoirí scoite le traidisiún béil na Gaeltachta, agus leis an tseanlitríocht a bheadh nó á mhór, tá an cheist níos casta ná mar a bheadh i dteangacha nach bhfuil stair choilíneach laistiar díobh.

Leis sin, tá míshuaimhneas éigin ag baint le ceist an traidisiúin ó tosnaíodh ar litríocht na Gaeilge a athchóiriú aimsir na hathbheochana agus freagraí éagsúla tabhartha ag scríbhneoirí ar an dúshlán a bhaineann le teanga mhionlaithe agus cultúr coilínithe a chur in oiriúint dóibh féin agus dá gcuid léitheoirí.

Sa leabhar seo téann an t-údar i ngleic leis an gceist seo trí ghnéithe éagsúla de shaothar fhilí agus scríbhneoir móra próis na Gaeilge a scrúdú – leithéidí Sheáin Uí Ríordáin, Liam S. Gógan, Mháire Mhac an tSaoi, Mháirtín Uí Dhireáin, Mháirtín Uí Chadhain agus Bhriain Uí Nualláin (Myles na Gopaleen) – féachaint conas mar a tháinig siad féin ar réiteach ar an gceist, má tháinig ar chor ar bith.

Is é Louis de Paor Stiúrthóir Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

What relationship exists, or could exist, between the individual writer and the tradition that the writer follows? And how do readers respond to that aspect of the writer’s work. Insofar as the literary tradition in Irish is splintered, for a good part, and many Irish-language writers and readers are separated from the oral  tradition of the Gaeltacht and with the old literature, more or less, the question is more complicated than it would be in other languages that do not have a history of colonialism behind them.

With that, there is a certain discomfort with regard to the question of tradition since the adaptation of Irish language literature during the revival and different writers have responded in various ways to the challenge of adapting a minority language and colonised culture for themselves and their readers.

In Ag Caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge, Louis de Paor tackles this question by analysing the work of major poets and prose writer in the Irish language – works by Seán Ó Ríordáin, Liam S. Gógan, Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain and Brian Ó Nualláin (Myles na gCopaleen) – to see how they resolved this question in their own work, if indeed they succeeded in resolving it.

Louis de Paor is the director of the Centre for Irish Studies, National University of Ireland, Galway.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...