Amhráin Chlainne Gael

Micheál Ó Máillte, Tomás Ó Máille, William Mahon

In stock

SKU: 206 Category:

Description

Bhí an-éileamh ar an leabhar seo nuair a foilsíodh é den chéad uair in 1905. Ní hionadh é sin, ar ndóigh, agus an méid amhrán breá ata le fáil ann. Ach is mór an t-ionadh gurb ó aon duine amháin, Tomás Breathnach (Dubhachta, Corr na Móna), a fríothadh sé cinn is trí fichid acu.
An bheirt dhriothár a bhailigh iad, Micheál agus Tomás Ó Máille, rugadh iad i Muintir Eoghain, ceantar iargúlta in aice leis an Líonáin. Fáisceadh as an Ghaeilge iad, agus ag fíorthús an chéid seo caite, bhí an bheirt acu páirteach i ngluaiseacht na teanga. Chuaigh Micheál le múinteoireacht i gConamara, agus scríobhs é (faoin ainm ‘Diarmaid Donn’) cuimse alt agus leabhra scoile sula bhfuair sé bás go hóg in 1911. D’éirigh Tomás ina scoláire mór sa Léann Ceilteach agus tá a ainm i mbéal an phobail i gcónaí mar gheall ar shraith leabhra fiúntacha a tháinig óna pheann, An Béal Beo (1937) ar cheann acu. Fuair sé bás in 1938.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...