An Capall Dubh agus Scéalta Eile

Pádraig Ó Baoighill

In stock

SKU: 26728 Categories: ,
6660012190270

Description

Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo, an tríú cnuasach de chuid an údair agus breis is scór gearrscéal ann. As Gaeltacht Rann na Feirste é, agus tá mórán de na scéalta suite in ithir a dhúchais. Ach i measc na n-ábhar eile tá an grá, an ceol, an imirce, an cearrbhachas, an lucht siúil, an chollaíocht, an drabhlás, trioblóidí an tuaiscirt, an Ghaeltacht, saol na cathrach, oileáin na hAlban, cúrsaí spóirt in coláiste. Fíorscoth chanúint dhúchasach Thír Chonaill atá sna scéalta seo, ach stór leathan focal ó chanúintí eile sníofa isteach tríothu.

Foilsíodh cuid de na scéalta seo in irisí éagsúla, agus cuid eile le fáil anseo den chéad uair, ach níl amhras ach go mbeidh léamh fonnmhar fairsing orthu.

 

Is scríbhneoir lánaimseartha ó 1993 i leith é Pádraig Ó Baoighill. D’fhoilsigh Coiscéim gearrscéalta uaidh cheana in An Coileach Troda agus Srathóg Feamnaí, agus seo an cúigiú leabhar déag dá chuid i gcló againn. Is iriseoir agus craoltóir é chomh maith, agus go leor duaiseanna buaite aige. Bhronn Ollscoil Uladh, Cúil Raithin dochtúireacht oinigh sa litríocht air in 2005

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...