Aois na nIontas

£6.40

Diarmuid Ó Gráinne

Only 1 left in stock

SKU: 21112 Category:

Description

Daoine éagsúla ag scacadh leis an saol, agus a gcruachásanna féin le fuascailt acu, ach ceangal eatarthu go léir. Ceangal muintire atá ann, nó ceangal eatarthu go léir. Ceangal muintire atá ann, nó ceangal áite, ach tá ceangal níos doimhne fresisin: go bhfuil bunfhadhbanna na beatha ag cur isteach orthu ar fad, agus gan aon réiteach le feiceáil. Cengal eile fós, go bhfuil na scéalta uafáis ó thuaisceart na hÉireann ag luí ar a n-intinn. I mBaile Átha Cliath, san iarthar, nó i Meiriceá féin, feictear dóibh go gcaithfear rud éigin a dhéanamh. Tugann an dúshlán sin ar dhuine acu dul sa bhearna bhaoil é féin chun éalú óna shaol gan bhrí. Ní shamhlaíonn sé an toradh a bheidh ar an gcinneadh sin, áfach.

Úrscéal corraitheach eile ó Dhiarmuid Ó Gráinne, é inste go cumasach líofa mar is dual don údar ildánach seo.

Seo é an fichiú leabhar i gcló ó pheann Dhiarmuid Uí Ghráinne as Conamara. Chomh maith le húrscéalta, gearrscéalta is filíocht, tá saothair scríofa aige ar chúrsaí staire, fealsúnachta is critice, chomh maith le sraith dialann faoin teideal Ó Rinn go Sáil. Is feirmeoir i gCo, Ros Comáin freisin é le roinnt blianta anuas.

Additional information

Weight 140 g
Dimensions 209 × 149 × 7 mm

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Aois na nIontas”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.