Ar Chrios na Cruinne Gael in Eacuadór

(1 customer review)

£13.50

Pádraig Ó Maolchraoibhe

2 in stock

ISBN: 666001220090 SKU: 29953 Category:

Description

Is tír bheag Eacudór i gcomhthéacs Mheiriceá Theas ina bhfuil tromlach na dtíortha iontach mór – thiocfadh leat an Eoraip uilig a chur taobh istigh den Bhrasaíl, mar shampla – ach i gcomhthéacs na hEorpa, tá sé chomh mór le Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag le chéile. Go fisiciúil agus ó thaobh aeráide de, tá an-éagsílacht ann: ó shéibhte arda na nAindéas ina bhfuil earrach síoraí (18°c -24°c ins an iarnóin gach lá den bhliain) ag an airde ina bhfuil tromlach na ndaoine beo, go dtí cósta fada an Aigéin Chiúin ina bhfuil sé te (30°c)  agus tais, go dtí na hOileáin Galápagos ina bhfuil sé te tirim, go dtí Abhantrach na hAmasóine ina dtig leis bheith iontach te (40°c), agus fliuch, ach atá lán d’aibhneacha ollmhóra ina bhféadann tú bheith fionnuar go maith agus tú i mbád agus iontach fuar, i gcuid acu, agus tú ag snámh. Ní haon iontas mar sin go bhfuil Eacudór ar cheann de na tíortha is bithéagsúla ar chlár an domhain.

Ba mhúinteoir Spáinnise é Pádraig Ó Maolchraoibhe a chaith, go dtí seo, 9 nó 10 de bhlianta i dtíortha ina labhraítear Spáinnis (3 bliana go leith acu in Eacuadór). D’fhoghlaim sé méid áirithe Kichwa, thaistil sé an tír go léir (24 chúige), phós sé bean inti, agus chuir sé roimhe sochaí iontach difriúil le sochaí a thíre féin a thuiscint agus a léiriú do chlann na nGael.

 

Additional information

Weight 391 g
Dimensions 210 × 150 × 20 mm

1 review for Ar Chrios na Cruinne Gael in Eacuadór

  1. Conán Glas (verified owner)

    Leabhar ar dóigh atá ann. Tugann sé eolas cuimhsitheach duinn faoi saol in Eacuadór sá lá atá inniú ann. Tá a chuid scríbhneoireachta agus é ag déanamh cuir síos ar an taisteail a rinne sé fríd an tír iontach maith, chuir mé suim go mór sa chuir síos atá déanta ar na bundúchasaigh sa tír agus tá neart eolais fá shaol culturtha agus na teangacha a bhainnean leis na daoine seo. Mothaíonn tú go bhfuil tú ar do bhealach le Pádraig ar na sleibhte arda nó sa dhufair fhían. Molaim go mór an leabhar seo.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.