Bádh B’fhéidir

Seán Ó Muireagáin

In stock

SKU: 30242 Category:
9781914482014

Description

Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíocha ficsin eolaíochta seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á ceistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh mhíchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid. Is scéalta iad a bhfuil dánacht ag baint leo.

Bhuaigh an scéal ‘An Chóir Chodlata’ Duais an Mhaolánaigh i gcomórtas liteartha an Oireachtais 2018.

Is as Uachtar Cluanaí i mBéal Feirste do Sheán Ó Muireagáin. Is scríbhneoir filíochta, amhrán agus gearrscéalta é. Tá 35 bliain caite aige ag obair in earnáil an Ghaeloideachais sna Sé Chontae, mar ghníomhaí, mar mhúinteoir naíscoile agus bunscoile agus, le 20 bliain anuas, mar Oifigeach Comhairleach. D’fhoilsigh Éabhlóid a chéad chnuasach gearrscéalt

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...