Caint agus Comhrá (L)

Doiminic Ó Brolacháin

Out of stock

SKU: 27843 Category:
700462755616

Description

Iarradh ar Míle Fáilte* bailiúchán rólimirtí a chur ar fáil do mhic léinn atá ag déanamh réidh don GCSE siocair go bhfuil na rólimirtí arís ina gcuid thábhachtach den scrúdú.  Síleadh nach raibh go leor ábhar cleachtaidh ar fáil ar an ghné seo den scrúdú agus go mbeadh bailiúchán mar seo úsáideach ag múinteoirí agus ag daltaí araon.

Rinneadh iarracht a chinntiú ón chomhairle a fuarthas go mbeadh na rólimirtí ag teacht le riachtanais an tsiollabais.  Déantar freastal ar réimse leathan ábhar agus iad céimnithe oiread agus is féidir in ord deacrachta.  Tá 16 thopaic clúdaithe sna rólimirtí thar na trí comhthéacsanna foghlama agus tá cúig thasc le déanamh in achan rólimirt.  Beidh na ceisteanna le feiceáil ag na daltaí cé nach mar sin a bheas sa scrúdú.  Síleadh nár dhochar do na daltaí na ceisteanna a fheiceáil toisc nach scrúdpháipéir shamplacha atá anseo ach ábhar cleachtaidh amháin.

Ar ndóigh, ní téacsleabhar Gaeilge atá in Caint agus Comhrá ach iarracht le bearna a líonadh ar uair na práinne.  Is féidir an leabhar a úsáid i gcuideachta na haipe, An Chraic, a chuir Míle Fáilte ar fáil i bhFómhar na bliana 2018.  Tá cuid mhór de na habairtí atá de dhíth do na rólimirtí seo ar an aip sin agus í ar fáil ón App Store agus ó Google Play Store.

Tá muid ag súil le haip ar leith a fhoilsiú amach anseo le freastal go háirithe ar rólimirtí san GCSE.  Ach, san idirthréimhse tá muid dóchasach go mbainfear feidhm as an leabhar seo.

 

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...