Ceiltigh Bhéal Feirste (Belfast Celtic)

£9.99

Seán Fennell/Fiontán Ó Mealláin

7 in stock

SKU: 30170 Categories: ,

Description

Tá scéal iomráiteach Cheiltigh Bhéal Feirste faoi chaibidil sa leabhar seo atá dírithe ar dhíograiseoirí spóirt, ar pháistí gaelscoile nó ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Tá stair an chumainn fite fuaite le stair Bhéal Feirste agus le stair na hÉireann.

Leanann an leabhar stair an tsacair in Éirinn ó bunaíodh Cumann Sacair na hÉireann(IFA) go dtí críochdheighilt na tíre in 1921 agus an dóigh ar tháinig ann do dhá thír ar an oileán bheag seo agus an tionchar ar chúrsaí spóirt.
Luíonn an leabhar isteach ar stair Bhéal Feirste agus ar stair cheantar na bhFál agus ar stair na Gaeilge sa chathair sna blianta 1891- 1949, blianta an chumainn bheith ar an tsaol.
An raibh a fhios agat gur thug Winston Churchill cuairt ar Pháirc na gCeilteach le labhairt ar son Rialtas Dúchais?
An raibh a fhios agat gur bhuail Ceiltigh Bhéal Feirste Albain 2-0?
An raibh a fhios agat go raibh na Ceiltigh ar an fhoireann ba rathúla i Sraithchomórtas na hÉireann go dtí gur imigh siad?
Ar chuala tú iomrá ar…..Charlie Tully, Elisha Scott, Jimmy Mc Alinden, Patrick O’Connell?
An raibh a fhios agat go bhfuil COSÁN NA gCEILTEACH ar Bhóthar na bhFál?

Mar a dúirt muintir na bhFál ag an am…..
“When we had nothing, we had Belfast Celtic, then we had everything!”

Additional information

Weight 250 g
Dimensions 294 × 210 × 5 mm

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Ceiltigh Bhéal Feirste (Belfast Celtic)”

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.