Description
Cnuasach gearrscéalta corraitheacha, neamhghnácha é Ceolta agus, mar is dual don údar, is iomaí geit a bhainfear as lucht a léite. Is é an ceol príomhthéama an chnuasaigh seo; cruthaíonn an t-údar domhan aduain, osréalach, éiginnte scanrúil uaireanta sna scéalta seo, an ceol de dhlúth agus d’inneach iontu, a thugann an léithreoir ar thuras siar agus aniar tríd an gceol agus an tsamhlaíocht a ghintear as. Bainfear ceol as na scéalta seo.
Is as Muineachán do Dhaithí Ó Muirí, cé gur i gCois Fharraige atá sé ag cur faoi le fada an lá. Is é Ceolta an ceathrú cnuasach gearrscéalta uaidh.
Reviews
There are no reviews yet.