Comhrá Cosáin – Agallaimh Bheirte & Lúibíní do Dhaoine Óga

Fearghas Mac Lochlainn

In stock

SKU: 30058 Categories: , ,
9781 784442316

Description

Tá creidiúint mhór ag dul do Thuismitheoirí na Gaeltachta a smaoinigh ar an bplean an cnuasach seo d’agallaimh bheirte agus de lúibíní do dhaoine óga a chur ar fáil. Tá cnuasach breá téagartha anseo. Tá leideanna anseo freisin don té a mbeadh fonn air nó uirthi tabhairt faoin gcumadóireacht. Tá saibhreas teanga agus clisteacht chainte anseo. Tá sáraíocht, spraoi agus spleodar ann. Pléitear gach ábhar faoin spéir anseo: tá an seansaol agus an nuatheicneolaíocht ann; tá cúrsaí spóirt agus cailleadh meáchain ann. Tá gach cineál duine anseo. Tá carachtair bhríomhara, bharrúla ann: an déagóir pusach; an tuismitheoir cantalach; an dailtín dána; an múinteoir scoile; agus go leor, leor eile! Is cinnte go mbainfidh idir shean agus óg an-tairbhe agus an-taitneamh as an leabhar seo.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...