Description
Téann an Teagmháil idir Éire agus Albain siar ar feadh na gcianta. I ndiaidh an Ghorta Mhóir, chuaigh na mílte Éireannach anonn go hAlbain le slí beatha a fháil, agus lean an imirce go tréan ó shin. Bhí siad ag gabháil do gach cinéal oibre ó thalmhaíocht go tionsclaíocht, agus i ngach áít ó na hoileáin bheaga go dtí na cathracha móra.
Choinnigh siad a gcultúr dúchais beo thall. Ba ghairid Conradh na Gaeilge ar an saol nuair a cuireadh craobhacha ar bun in Albain, agus tá an Conradh ag obair leis i nGlaschú go dtí an lá inniu. Bhí cluichí Gealacha á n-imirt, ceol Gaelach á sheinm, agus polaitíochta na hEireann á plé i measc na n-imirceach.
Fiosraíonn an leabhar seo saol na nÉireannach in Albain, agus stair an Chonartha sa tír. Ag tarraingt ar a thaithí féin agus ar thaighde forleathan, insíonn an t-údar scéal na nGael in Albain. Cuireann aistí eile síos ar ghnéithe éagsúls de shaol na hAlban agus staid na Gaidhlig.
Reviews
There are no reviews yet.