Description
Sárscríbhneoir cruthaitheach ab ea Máirtín Ó Cadhain (1907-1970); lena chois sin ba throdaí díocasach é ar son na Gaeltachta, na Gaeilge agus an náisiúin ghaelaigh. Criostalú ab ea é, dar le Seán Ó Ríordáin, ar scata rudaí nár tháinig le chéile laistigh d’aon bhlaosc amháin riamh roimhe. Pléitear gnéithe de phearsantacht an Chadhanaigh, de shaothar a phinn agus dá fhealsúnacht pholaitiúil is shóisialta go báúil gléineach léirsteanach in aistí an leabhair seo, agus soláthraítear tuiscintí tábhachtacha ina dtaobh.
Reviews
There are no reviews yet.