Cumadóireacht Uí Chadhain

Mícheál Briody, Máirín Nic Eoin

In stock

SKU: 29256 Category:
9781909907294

Description

Is éard atá foilsithe sa leabhar seo ná leagan anótáilte de thrí scríbhinn de chuid Mháirtín Uí Chadhain atá caomhnaithe i gcartlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, maraon le réamhsaiste chuimsitheach a chuireann na téacsanna sin i gcomhthéacs scríbhinní critice agus litríochta eile dá chuid.  Is é coincheap na cumadóireachta an snáth ceangail idir na téacsanna seo, a breacadh ag tréimhsí éagsúla i saol cruthaitheach Uí Chadhain.  Pléitear gnéithe den chumadóireacht sa traidisiún béil sa chéad téacs, mínítear tábhacht na cathrach don scríbhneoir sa dara ceann, agus téann an tríú téacs i ngleic le coincheap na cumadóireacht i gcomhthéacs na healaíne nua-aoisí agus athruithe soch-chultúrtha na 1960idí. Áitíonn na heagarthóirí gur ghné luachmhar d’oidhreacht liteartha Uí Chadhain a chuid scríbhninní critice.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...