Duanaire Gaedhilge Róis Ní Ógáin Bog

Diarmaid Ó Doibhlin

£9.00

Out of stock

SKU: 16916 Category:
9781847560832

Description

Ar an mBaile Meánach i gContae Aontroma a rugadh Róis Ní Ógáin (1865 – 1947). Aontachtóir agus Oráistigh thábhachtacha ab ea a muintir agus bhí ról lárnach acu i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt. Chuaigh Róis bealach na Gaeilge go luath ina saol agus chuir sí aithne ar chainteoirí dúchais Gaeilge i nGlinntí Aontroma agus i dTír Chonaill. Bhí sí mór le lucht Chonradh na Gaeilge agus le scoláirí Gaeilge thosach an chéid seo caite, go háirithe Dúghlas de hÍde.

Sa bhliain 1921 d’fhoilsigh sí Duanaire Gaedhilge, cnuasach de na hamhráin is áille agus is mó clú. Foilsíodh Duanaire Gaedhilge II sa bhliain 1924 agus Duanaire Gaedhilge III sa bhliain 1930, ina raibh filíocht ón 17ú agus ón 18ú haois agus filíocht ón ré chlasaiceach faoi seach. Sa leabhar seo tá athchóiriú déanta ag Duanaire Gaedhilge na bliana 1921 mar aon le réamhrá faoi Róis Ní Ógáin féin agus ar an dúthracht a chaith sí i mbun na Gaeilge.

Iar-léachtóir sa Léann Éireannach, Ollscoil Uladh i gCúil Raithin, é Diarmaid Ó Doibhlin.

Róis Ní Ógáin (1865-1947) was born in Ballymena in Co. Antrim. In 1921, she published Duanaire Gaedhilge, a collection of the most popular songs of the time. This volume is a revised edition with an introductory essay detailing Róis Ní Ógáin’s life and work for the Irish language.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...