Dva – Díolaim de Nua-Litríocht na Slóivéine

Eoghan Mac Aogáin, Gabriel Rosenstock

Out of stock

SKU: 17604 Category:
660012100187

Description

I bPáirc an Fhionnuisce, os comhair Áras an Uachtaráin, ar Lá Bealtaine 2004, bronnadh ballraíocht san Aontas Eorpach ar an tSlóivéin. Sé bliana dár gcionn, seo anois díolaim dá nualitríocht, aistí staire agus critice, píosaí próis, agus dánta ó bhreis agus trí scór údar Slóivéanach, agus Gaeilge curtha orthu ag scór aistritheoirí ó Éirinn.

Litríocht láidir dhúchasach is ea litríocht na Slóivéanach a mhair ar feadh na gcéadta bliain i dtír bheag (2m duine) a raibh stádas an chúige leagtha amach di síos chomh fada le lár an chéid seo caite, agus gan aici mar dhearbhú ar a céannacht chultúrtha le linn an ama sin ach an litríocht.

Litríocht í seo a thagann chugainn ón Eoraip Láir, a bhfuil a oiread sin de stair chultúrtha na hEorap fréamhaithe inti, agus a laghad sin tuisceanna air sa chuid eile den Eoraip. Tugann téascanna na díólaime le chéile tréithe liteartha nach bhfeictear i dteannta a chéile níos mó i litríocht an iarthair, spraíúlacht agus éadóchas, díograis agus soiniciúlacht, garbhadas agus aoibhneas, diamhaireacht scanrúil agus greann mailíseach. Bheadh an dea-shaighdiúir Švejk agus Josef K ar a bhfód dúchais anseo, i mbailiúchán de scéalta agus de dhánta a insíonn scéal na Slóivéine dúinn agus a nochtann an litríocht féin i ról atá caillte le fada aici in iarthar na hEorpa.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...