Feirm na nAinmhithe

George Orwell, Aindrias Ó Cathasaigh

In stock

SKU: 29238 Category:
6660012230099

Description

Tá na hainmhithe ar Fheirm an Mhainéir ag fulaingt le fada faoi thíorántacht an fheirmeora Ó Ceallaigh. Tá súil acu le saol eile, áfach, an fheirm a bheith faoi cheannas na n-ainmhithe féin, saor ó smacht na ndaoine. Éiríonn siad amach, cuireann siad an feirmeoir chun bóthair, agus glacann siad seilbh ar an bhfeirm. ‘Feirm na nAinmhithe’ a thugtar uirthi anois, gach ainmhí comhionann agus ag obair le chéile. An féidir leo an aisling a choinneáil beo? Nó an bhfuil rud eile ar fad ar intinn ag na muca, b’fhéidir…?

Tá taitneamh á bhaint le blianta fada as scéal iontach Goerge Orwell faoi réabhlóid na n-ainmhithe, agus ceachtanna le baint as maidir le réabhlóidí eile. Anois, den chéad uair, tá Animal Farm le léamh i nGaeilge. Tá scríbhinní Orwell faoi chúlra an leabhair le fáil mar aguisín, chomh maith le hiarfhocal ag an aistritheoir, Aindrias Ó Cathasaigh, a fhiosraíonn polaitíocht an scéal.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...