Fin de Siécle na Gaeilge (Crua)

Brian ó Conchubhair

In stock

SKU: 16809 Category:
9781905560462

Description

Is saothar ceannródaíoch é Fin de Siècle na Gaeilge a dhéanann mionléamh íogair, idirdhisciplíneach ar stair intleachtúil dhioscúrsa na Gaeilge sa tréimhse sin idir deireadh an naoú haois déag agus tús an fichú haois ar a dtugtar an fin de siècle. Mínítear anseo an chaoi a ndeachaigh an fin de siècle Eorpach i bhfeidhm go smior ar Athbheochan na Gaeilge agus an chaoi ar mhúnlaigh tuiscintí conspóideacha Charles Darwin idir idé-eolaíocht, chultúr, theanga agus litríocht í. Tugtar mórthéamaí na linne – meathlú, díothú ciníocha, meascadh agus truailliú fola agus cros-síolrú – chun solais i dtéarmaí na Gaeilge trí anailís a dhéanamh ar chonspóidí móra na hAthbheochana: an cló, na canúintí, an litriú, an ghramadach agus an t-úrscéal.

Ollamh cúnta i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame, é Brian Ó Conchubhair agus is comhalta d’Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach é. Bhí sé ina eagarthóir ar Gearrscéalta Ár Linne (CIC, 2006), Why Irish? Irish Language and Literature in Academia (Arlen House, 2008) mar aon le mórán alt acadúil in irisí éagsúla.

Ghnóthaigh an leabhar seo an chéad duais do shaothar próis i gComórtas an Oireachtais 2009, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge.

Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, An Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa is an intellectual history of the Irish Language Revival. Exploring fin de siècle themes including Darwinism, degeneration, racial hybridity, race extermination, cultural decline and cultural nationalism as manifested in the latter half of the nineteenth-century, this ground-breaking study charts how these concerns created a cultural and intellectual environment receptive to the Irish revival of the late-nineteenth and early twentieth century. Drawing on new material from newspapers such as the New York Times, An Claidheamh Soluis, Fáinne an Lae and Irisleabhar na Gaedhilge, it investigates the impact of contemporary European debates on issues such as grammar, orthography, dialect, fonts, cultural criticism and literary production.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...