Description
Leabhar aoibhinn le saol draíochtúil an nádúir a chur ar a súile do pháistí
Cuir eolas agus aithne ar na neacha áille beo atá ina gcónaí i do thimpeall. Cruthaigh gairdín a mbeidh éin agus ainmhithe ag
iarraidh cuairt a thabhairt air. Lán de smaointe don gharraíodóir óg, sa bhaile nó ar scoil.
Tugann Gairdín an Nádúir ar aistear draíochtúil tú, díreach taobh amuigh den doras cúil! Cuir eolas agus aithne ar na neacha
áille beo atá ina gcónaí i do thimpeall. Faigh amach conas gairdín a leagan amach a mbeidh éin, féileacáin agus ainmhithe go
leor eile ag iarraidh cuairt a thabhairt air.
Agus an gaol idir an duine daonna agus an timpeallacht ag éirí níos tábhachtaí in aghaidh an lae,
is leabhar an-tráthúil atá anseo.
Comhfhiontar idir Futa Fata An Spidéil agus an foilsitheoir clúiteach idirnáisiúnta, Dorling Kindersley,
beidh spéis ag páistí agus tuismitheoirí, agus múinteoirí chomh maith céanna sa leabhar slachtmhar seo.
Is é Tadhg Mac Dhonnagáin a rinne an cóiriú Gaeilge ar an téacs.
leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin
Discover the natural beauty of your garden with your child
Gairdín an Nádúir takes you on an exciting safari outside your own back door! Discover the wonderful wildlife that
lives all around you. Learn how to create a garden that birds and animals of all shapes and sizes will want to visit.
Full of ideas for the young gardener and wildlife enthusiast, this book is a timely one, as the connection
between humanity and natural world becomes ever more crucial.
A co-edition between Futa Fata and world-renowned non-fiction publisher, Dorling Kindersley, this full colour book
will prove popular among children and parents alike.
Reviews
There are no reviews yet.