Gile na gile

Paddy Bushe

Out of stock

SKU: 11980 Category:
1901658430

Description

Seo file atá dílis dá dhúiche agus dá dhúchas ach, ag an am chéanna, file nach bhfuil teanntaithe taobh istigh de sheanmhúnlaí agus de sheanstructúir. Seo draoi atá ina dhúiseacht anseo, anois, san aimsir láithreach. I ré seo an bheag-uchtaigh, ní filí díograiseacha amháín atá uainn, ach filí ar nós Paddy Bushe atá dúisithe. Tuigeann Paddy an teanga: a hársacht, a saoithiúlacht, a gáirsiúlacht. Tuigeann sé go gcaithfidh sé í a aclú; lúth na gcnámh a thabhairt arís don tSean Bhean Bhocht. Agus tá sin déanta aige sa chnuasach seo. Féach ar an dóigh a bhfuil an teanga ag déanamh tango mealltach sna dánta seo. Sa chnuasach seo tá Paddy Bushe de shíor sa tsiúl, ag trasnú teorainneacha úra tuisceana, ag tionscnamh múnlaí nua filíóchta, ag triall i garbhchríocha na h-aigne, ag baint síneadh solasmhar as an tsamhlaíocht. Seo duine de phríomhfhilí na tíre seo agus é i mbarr a éirime, ag tabhairt an dorchadais chun solais, ag déanamh gile den nduibhe.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...