Grá faoi Scáth Cogaidh
£7.65
Brian Ó Baoill
2 in stock
Description
“Is iontach an samoineamh atá taobh thiar den úrscéal seo. Ógbhean Éireannach á seoladh thar lear le linn na gluaiseachta náisiúnta roimh 1914, d’fhonn is nach rachaidh i bpáirt leis na hÓglaigh. Ach titeann sí i ngrá le Giúdach óg i Vín na hOstaire díreach sula dtosaíonn an Chéad Chogadh Domhanda. Cuireann an cogadh isteach ar ghrá na beirte, Áine agus Alex, ach ina dhiaidh sin, caithfidh siad déileáil le teacht chun cinn Hitler, an Dara Cogadh Domhanda agus forlámhas na Rúiseach in oirthear na hEorpa go deireadh na 1950idí.
Is maith liom an cur síos a thugtar ar uafás na cogaíochta agus an bealach cliste a mbaintear leas as sleachta dialainne chun mothúcháin a chur in iúl, go háirithe i dtréimhse ina ndéantaí cinsireacht ar litreacha.
Tá scéal corraitheach na ré, ón gcéad chogadh anall mar a bheadh cúlra don scéal grá.
Fáiltítear go háirithe roimh chúlra ‘éagsúil’ mar seo a bheith á phlé in úrscéal Gaeilge agus fáiltítear roimh mhúnla an scéil ‘fadsaoil’. Tá cliar carachtar spéisiúil roghnaithe ag an údar agus is deas mar a thugtar leidí le carachtar spéisiúil agus a meon a chur inár láthair”
Additional information
Weight | 154 g |
---|---|
Dimensions | 209 × 148 × 7 mm |
This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.
Reviews
There are no reviews yet.