IDEO Locator

Dubhán Ó Longáin

£6.75

Out of stock

SKU: 28898 Category:
6660012200252

Description

“Tugtar dúinn anseo guth nua Conallach. Cuirtear i láthair, i liricí gonta den chuid is mó, cúrsaí grá is collaíochta is drúise féin, cúrsaí creidimh is gaoil, saol na tuaithe agus mar sin, i bhfriotal atá simplí, soiléir is nádúrtha…” – Rody Gorman

Is file agus mac léinn PhD é Dubhán Ó Longáin. Tá dánta leis foilsithe in An tUltach, North West Words, Feasta agus Comhar. Bhain sé an chéad áit amach i Slam Filíochta Liú Lúnasa sa bhliain 2018, mar aon le duais Manchester Irish Language Writing Competition sa bhliain chéanna.

Reviews

3 reviews for IDEO Locator

  1. seanfarry3

    Is doiligh an rud é friotal beacht a chur ar a fheabhas atá an chéad chnuasach filíochta seo ó Dhubhán Ó Longáin. Ar an chéad dul síos, is paiteanta go bhfuil máistreacht ag an Chonallach seo ar an teanga nach bhfeictear ach go hannamh agus go bhfuil Gaeilge shaibhir le fecieáil ar fud an leabhair. Is dóigh liom gur saothar luachmhar é seo as siocair go mbaineann téamaí na ndánta le hábhar ní hamháin le sochaí an lae inniu ach le glúine eile fosta. Mholfainn do dhuine ar bith an tseoid seo a cheannach, sladmhargadh atá ann! Tá mé ag súil go mór leis an chéad eile phíosa ó pheann/mhéarchlár Uí Longáin cheana!!

  2. Jude Ó Macháin (verified owner)

    De ghnáth, ní bhíonn mórán suim agam as an fhilíocht ach caithfidh mé a rá, bhain mé sult as an filíocht ó Dubhán Ó Longáin.

    Músclaíonn Ó Longain a lán mothúcháin ina chuid fhilíochta. Is dóigh liom gur léitheoireacht riachtanach an leabhar sin.

  3. Liam Mairtín Ó Flannagáin (verified owner)

    Leabhar den chéad scoith. Is féidir pilleadh air arís agus arís eile. Bainim ciall agus sult as atá éagsúil agus nua gach am. Is leabhar iontach í seo don duine ar mhaith leo níos mó Gaeilge a léamh.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...