Iúir Ársa agus Taibhsí Eile

£11.40

Mícheál De Barra

1 in stock

ISBN: ISSN00148946 SKU: 27331 Categories: ,

Description

Rugadh agus tógadh Mícheál de Barra ar theorainn na Boirne i gCo. an Chláir. Oileadh ina mhúinteoir bunscoile é. Rinne sé staidéar ar an nGaeilge agus ar an Spáinnis in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus tá Máistreacht san Oideachas aige ó Choláiste na Tríonóide. Chaith sé a shaol oibre mar oideoir in Éirinn agus thar lear. Tá sé ar scor anois agus roinneann sé féin agus a bhean chéile, Siobhán, a gcuid ama idir Éire agus an Spáinn.

Ghnóthaigh An bóthar go Santiago (Cois Life), a chéad leabhar foilsithe, Gradam Gaeilge Glen Dimplex 2007. Tá dhá leabhar dá chuid foilsithe cheana féin ag Coiscéim – Gaeil i dTír na nGauchos (2009) agus Gaeil faoi Bhratach Eureka (2012). Sa leabhar nua seo, Iúir Arsa agus Taibhsí Eile, tá an t-údar agus a bhean ar aistear trí dheisceart na hAlban agus iarthuaisceart Shasana. Castar daoine fíorspéisiúla orthu in áiteanna ardscéimhe – filí, scríbhneoirí, smaointeoirí, caomhantóirí, sealgairí, andúiligh, cneámhairí agus dúnmharfóirí – iad ar fad imithe ar shlí na fírinne le blianta fada.

Additional information

Weight 520 g

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Iúir Ársa agus Taibhsí Eile”

Your email address will not be published. Required fields are marked *