Lasair na Gréine (eagrán nua)

Claire Lyons

In stock

SKU: 30984 Categories: ,
6660012230129

Description

Tá cos ag Katie Ni Chorráin in dhá chultúr. As Éirinn a tháinig a sin-sin-seanathair, ach ghlac muintir bhundúchasach na hAstráile leis ina measc féin. Ach ní thugann Katie aon aird ar an seanscéalta bundúchasacha a insíonn a hathair di. Dar léi, níl aon bhaint ag na piseoga seo lean saol nua-aoiseach féin. Nuair a thógann sí didgeridoo ar iasacht, áfach, baineann spioraid na treibhe díoltas aisti faoi na geasa a bhriseadh.

An mbeidh sí féin agus a cara in ann teacht slán as an gcontúirt?

An mbeidh uirthi breathnú arís ar shean-nósanna bundúchasacha a muintire?

Togha scéal do dhéagóirí atá anseo. In Astráil an lae inniu atá sé suite, ach tá na fréamhacha le fáil i stair chorrach na hÉireann sa naoú haois déag.

Bhronn an tOireachtas duais le haghaidh ficsean do dhaoine óga ar an úrscéal seo. Is é an tríú húrscéal do dhéagóirí atá scríofa ag Claire Lyons, agus an dara ceann a ghnóthaigh duais Oireachtais.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...