Description
“Léirítear samhlaíocht thuisceanach láidir shnasta i bhfilíocht Sheáin Uí Leocháin, í maisithe le deismireacht focal. Tá cumas annamh ann mothúcháin as béal ainmhithe agus pearsana éagsúla a ríomh, ina measc Galileo agus Pangur, agus tuiscint ar leith á léiriú sna leathanaigh seo ar intinn an pháiste. File le dearcadh malairteach é nach bhfuair go dtí seo an t-aitheantas atá tuillte aige.” – Mícheál Ó hUanacháin
Cárta Poist
Nuair a tháinig an bháisteach
bhíomar sa bhaile láithreach.
Ní hé gur mhaith linn an bháisteach
ach is maith linn bheith sa bhaile
agus chuamar ag siúl sa bhaile
ar na sráideanna fliucha áille
anseo sa Phortaingéil.
Reviews
There are no reviews yet.