Léachtaí Cholm Cille 51 Scríobhaithe an Tuaiscirt, 1650-19001

Fintan Keegan, Fionntán de Brún

In stock

SKU: 30201 Category:
9781911330271

Description

Ba é an Dr Ken Ó Donnchú, Coláiste na hOllscoile Chorcaí, a scríobh an chéad alt san imleabhar seo: plé an-spéisiúil ar shaothar aistriúcháin an Ath Maghnus Ó Domhnaill (fl. 1694-1706).

Tagann ina dhiaidh sin staidéar grinn de chuid an Oll Meidhbhín Ní Urdail, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, ar bhailiúchán lámhscríbhninní Énrí Úí Mhuirgheasa.

Sa chéad alt eile, tráchtann an Dr Nioclás Mac Cathmhaoil, Ollscoil Uladh, Doire Cholm Cille, ar chleachtais na scríobhaithe malla, i bhfianaise na n-éagsúlachtaí teanga agus eile atá le fáil sa téacs mhall próis úd, ‘Mac na Míchomhairle’.

In alt le Fionntán de Brún, déantar scagadh ar na tuiscintí a léirítear ar ealaín agus aeistéitic i mblúirí éagsúla ón 18ú agus ón 19ú céad.

San alt deiridh le Fintan Keegan, scrúdaítear na lámhscríbhinní a ghraf Riobart Mhac Dhuibhfhir, scríobhaí anaithnid a mhair sa cheathrú deiridh den 18ú haois.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...