Marbhnaí Duino

£12.75

In stock (can be backordered)

SKU: 21495 Category:

Description

Tá Marbhnaí Duino le Rainer Maria Rilke ar cheann de na dánta fada is tábhachtaí dar scríobhadh san Eoraip sa chéad seo caite, máistirshaothar diamhair a scríobh an file Gearmánach i dtreo dheireadh a shaoil, a dhíríonn ar cheisteanna móra faoin mbeatha dhaonna a chaitear faoi scáil na síoraíochta. Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Tá sí ag obair ar leagan Gaeilge de na marbhnaí le blianta fada agus an saothar iomlán aistrithe go Gaeilge anois aici. Ní hamháin go léiríonn an leagan seo acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith as friotal filíochta na Gaeilge ar shlí a chruthaíonn arís mórchumas teangan agus samhlaíochta Mháire Mhac an tSaoi.

Additional information

Weight 178 g

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Marbhnaí Duino”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.