Description
Cad ‘Meanmanra’, a deirir? “Things of the mind; thoughts, inclinations, spirit, courage” is brí leis an bhfocal dar le hiontráil chuimsitheach atá le fáil in Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill (1977), agus “thought” an chiall a thugtar do ‘meanmaradh’, athleagan den fhocal céanna mar a fhaightear ón Easpag John O’Brien in Focalóir Gaoidhilge-Sax-Bhéarla é (1768).
Is é a thuigtear as ‘Meanmanra’ i gcomhthéacs an fhoilseacháin seo, áfach, ná comhdháil léannta ar ghnéithe den smaointeoireacht dúchais, agus an saothar seo ina chnuasach aistí a d’eascair as na sárchainteanna a tugadh mar chuid de chéadeagrán na héigse.
Reviews
There are no reviews yet.