- You cannot add "Mac Rí na hÉireann" to the cart because the product is out of stock.
Description
Meirge an Laoich is ea an tríú chnuasach filíochta le Ceaití Ní Bheildiúin, a saolaíodh is Ros Eo, Baile Átha Cliath, agus a mhaireann anois i gCorca Dhuibhne. Is le peann dearfa a lúbann an file a teanga nua chun a síorchomhbhá le daonnacht agus le dúlra a léiriú. Nochtann sí fearg, grá, agus croí-bhriseadh le dínit agus le maolaisnéis agus céiliúrann sí rithim, áilleacht agus leanúnachas an tsaoil. Trí scóp a thabhairt dá samhlaíocht éiríonn léi saol taibhsiúil a chruthú ina dánta atá uaireanta dána, ar amanta dramatúil agus go minic le híoróin mhín. Cé go bhfuil a samhlaíocht préamhaithe i miotaseolaíocht agus béaloideas, tógann an file saol an lae inniu go cumasach ina baclainn. Sárchnuasach filíovhta is ea é seo:
Ciapfaidh an íomhá go deo mé, tusa i do bhan-Van Gogh, do chluais ina giobal, clúdaithe i gcró…
ón dteideal dán ‘Meirge an Laoich’
Reviews
There are no reviews yet.