Mo Dhá Róisín (eagrán nua 2023)

Nollaig Mac Congáil

In stock

SKU: 30983 Categories: ,
6660012230082

Description

Is fada cáil ar Shéamus Ó Grianna mar scríbhneoir Gaeilge agus Gaeltachta a bhfuil an t-uafás leabhar agus iriseoireachta curtha i gcló aige i rith thromlach an chéid seo caite. Tá cuid mhaith den scríbhneoireacht chéanna sin nár foilsíodh i bhfoirm leabhair riamh nó atá as cló le fada. Leis an tsraith leabhar Scríbhinní Mháire, tá sé i gceist an scéal seo a leigheas. Seo anois eagrán úr den chéad úrscéal riamh le ‘Máire’ a foilsíodh i bhfoirm leabhair, mar atá, Mo Dhá Róisín. Is fada léitheoirí na Gaeilge ag tnúth leis an tsolamar seo.

Nollaig Mac Congáil (Eagarthóir): Tá an tOllamh Nollaig Mac Congáil, eagarthóir an leabhair seo, ar fhoireann na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ón bhliain 1974. Chomh maith le réimsí taighde eile atá saothraithe aige, tá cúram ar leith déanta aige de scríbhneoireacht Ghaeilge Dhún na nGall.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...