Description
Nuair a mhúsclaíonn Muireann maidin amháin, tá an teach folamh. Bhí a hathair amuigh ag iascaireacht ar an fharraige fhiáin is níor fhill sé fós. Tógann sí na rudaí is luachmhaire dá bhfuil aici síos chun an chuain: loicead práis agus fiche sliogán fínicín beag istigh ann, grianghraf dá hathair agus an bhábóg is ansa léi, Nóra. Tá sí chun iad a ofráil don fharraige chun a hathair a fháil ar ais slán sábháilte.
Ach an dtabharfaidh an fharraige fhiáin a hathair agus na haithreacha eile ar ais arís ón turas iascaireachta?
Scéal draíochtúil faoi chreideamh, íobairt agus dóchas le húdar ardaitheanta agus le maisitheoir ardiomrá.
Reviews
There are no reviews yet.