Na Cócha Móra
£10.99
Mícheál Ó Siochrú
3 in stock (can be backordered)
Description
Nochtar dúinn san úrscéal seo scéal coscrach Bharra Mhic Aodhagáin, “…gasúr a chaith seal i scoil tionsclaíochta agus a d’fhulaing gach ainíde níos measa ná a chéile ó roinnt de na bráithre a bhí ag reáchtáil na scoile. Má tá an bhéim ar an mbrúidiúlacht sa chéad leath den leabhar, leanann an léitheoir bóthar anróiteach Bharra i dtreo an chneasaithe agus an téarnaimh. Ach…ní féidir leis éalú ó thromluí na mblianta a chaith sé i ngéibheann. Fiú agus é ina fhear gnó rachmasach agus caoifeach mánla pósta aige, ní féidir na taibhsí a dhíbirt, agus filleann siad air nuair is lú a bhfuil coinne aige leo chun é a chéasadh as an nua.”
“Bhí babhtaí ann nuair a chuaigh an scéal seo go smior ionam. Tá fileatacht ar leith ag baint le críoch an scéil agus is álainn mar a thugtar meon an linbh le fios san oscailt… Tá scéal na scoileanna tionsclaíochta tráthúil agus, go pointe, seanphléite, ach tá mianach sa scéal seo creathadh a bhaint asainn toisc a ghrámhaire agus a thuisceanaí agus a léirítear meon an phríomhcharachtair. Faighimid léargas freisin ar thionchar fadtréimhseach na scoileanna.” (Moltóirí an Oireachtais)
Bhronn an tOireachtas Gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana ar Na Cócha Móra.
Additional information
Weight | 428 g |
---|---|
Dimensions | 210 × 148 × 20 mm |
This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.
Reviews
There are no reviews yet.