Na Cócha Móra

Mícheál Ó Siochrú

£10.99

In stock (can be backordered)

SKU: 30567 Category:
6660012220137

Description

Nochtar dúinn san úrscéal seo scéal coscrach Bharra Mhic Aodhagáin, “…gasúr a chaith seal i scoil tionsclaíochta agus a d’fhulaing gach ainíde níos measa ná a chéile ó roinnt de na bráithre a bhí ag reáchtáil na scoile. Má tá an bhéim ar an mbrúidiúlacht sa chéad leath den leabhar, leanann an léitheoir bóthar anróiteach Bharra i dtreo an chneasaithe agus an téarnaimh. Ach…ní féidir leis éalú ó thromluí na mblianta a chaith sé i ngéibheann.  Fiú agus é ina fhear gnó rachmasach agus caoifeach mánla pósta aige, ní féidir na taibhsí a dhíbirt, agus filleann siad air nuair is lú a bhfuil coinne aige leo chun é a chéasadh as an nua.”

“Bhí babhtaí ann nuair a chuaigh an scéal seo go smior ionam. Tá fileatacht ar leith ag baint le críoch an scéil agus is álainn mar a thugtar meon an linbh le fios san oscailt… Tá scéal na scoileanna tionsclaíochta tráthúil agus, go pointe, seanphléite, ach tá mianach sa scéal seo creathadh a bhaint asainn toisc a ghrámhaire agus a thuisceanaí agus a léirítear meon an phríomhcharachtair. Faighimid léargas freisin ar thionchar fadtréimhseach na scoileanna.”   (Moltóirí an Oireachtais)

Bhronn an tOireachtas Gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana ar Na Cócha Móra.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...