Description
“Is fear aon chontae liom an file seo, fear aon ollscoile, Ultach a d’fhás aníos leis na trioblóidí… Ní hiad na rabhartaí cainte a samhlaítear leis na tuaisceartaigh de ghnáth, ach an béal a bhíonn spárálach, tost Fiacc ag bagairt i gcónaí… an cóiriú glan, an friotal gann teann uaireanta, saibhir gléasta cliste amannaí eile. Sin mar atá anseo.”
“… tugtar file óg ar a leithéid, cé nach aon fhoghlaimeoir é ach sa mhéid gur foghlaimeoir gach file i rith a shaoil… Blaisimid arís agus arís na gnáthrudaí- an grá agus díth an ghrá, dúil fhíochmhar na hóige, fás na tuisceanna ar an bhás, an dóigh atá ar an teanga, cor an tuaiscirt agus mar sin- ach i gcónaí bíonn a léamh indibhidiúil féin ag an fhile seo orthu, agus an dara léamh eile ar a bharr sin fosta in amannaí.”
“…bainimis taitneamh as an chéad ofráil aige, oscailt súl agus ardú meanman.”
-Gréagoir Ó Dúill, ón Réamhrá
Reviews
There are no reviews yet.