Description
Ní raibh rud ar bith níos ansa le Caitríona ná bheith mar bhall de theaghlach. Ar an drochuair, gach uair a shíl sí go raibh tuismitheoirí uchtála aici tharla tubaiste agus cuireadh ar ais chuig an áras altrama í.
Go díreach nuair a chaill sí gach dóchas fuair sí áit le muintir Mhic Gaoithín agus shíl sí go raibh fíorú a haislinge ann.
Ach bhí fadhb amháin ann – Vicí Nic Gaoithín, cailín den aois chéanna. Níl Vicí ag iarraidh a tuismitheoirí a roinnt agus déanann sí a dícheall Caitríona a chur ar ais chuig an áras altrama.
An éireoidh léi nó an mbeidh gach rud ag brath ar chuairteoir aisteach…
Reviews
There are no reviews yet.