Description
Tá cuid dánta Mháire Wren as Cois Cláidí i nGaoth Dobhair iontach cumhachtach. Tá callán na Gaeltachta, boladh na mónadh, an citeal ar an range, cabhaireacht na gcomharsan, cniotáil seanmhná, agus dúchas na ndaoine ag soilsiú as achan uile dhán, mar gur as an dúchas sin a fáisceadh í, a tógadh í, agus a neartaíonn a bród cine.
Musclóidh sí íomhánna atá ina luí ar chúl d’intinn agus silfidh tú deor nó dhó le cumhaidh i ndiaidh na ndaoine is an tslí mhaireachtála atá imithe uainn, agus na daoine atá ag cailleadh a gcumhachtaí, a mbuanna nádúrtha le himeacht na mblianta. Agus tógfaidh sí do chroí, mar go bhfuil dóigh ar leith aici lena bhfuil ina croí féin a chur in iúl.
Reviews
There are no reviews yet.