Description
Tá eolas cuimsitheach ar Ghaeltacht Thír Chonaill ar fáil sa leabhar seo.Tugann sé léiriú ar áilleacht an cheantair agus tugann an léitheoir ó Ghaeltacht go Gaeltacht ag dáileadh eolais fá bhéaloideas, fá amhráin, fá thábhairní agus óstáin na háite. Tá cur síos ann ar shaoithiúlacht agus ar cheol na gceantar tuaithe agus moltaí dearfacha fá neartú na Gaeltachta sa réamhrá.
Tá mórán eolais sa leabhar ar litríocht na Gaeltachta, ar stair, seanchas agus eacnamaíocht an cheantair agus is áis iontach é do dhuine ar bith atá ag glacadh saoire i nGaeltacht Thír Chonaill, áit ar bith ó Ghleann Cholm Cille go Fánaid.
Reviews
There are no reviews yet.