Piocarsach

£3.00

In stock (can be backordered)

SKU: 804 Category:

Description

I mBéal Feirste i 1936 a rugadh Brian Ó Maoileoin. Ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa chathair sin a fuair sé eolas ar an Ghaeilge ar tús, ansin i Rann na Feirste agus i Ros Goill. Bhíodh altanna rialta aige faoi ainmneacha éagsúla ar Amárach agus ar Scéal Úr. Léiríodh dráma dá chuid, Gairm, sa Damer i 1966 agus d’fhoilsigh Sáirséal & Díll a chéad chnuasach filíochta, Safari (Duais Chuimhneacháin Dhonncha Uí Laoire) i 1973. Duaiseanna bainte ó shin aige ar ghearrscéalta agus ar dhráma, ach ba ó d’éirigh sé go luath as an mhúinteoireacht i 1986 agus a bhí sé ábalta iomlán a aire a thabhairt dá ealaín a thosaigh bláth ceart a theacht ar a shaothar: i 1988, Duais Ghael St. Paul/An tUltach, ar shlíocht as mionúrscéal dá chuid, Brothal agus Duais Chuimhneacháin Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin ar amhrán; i 1989, Duais na Comhdhála i gcuimhne ar Sheán Sháirséal Ó hÉigeartaigh ar bhunscríbhinn úscéil, An Cheallúnach; agus i 1990, Duais an B.B.C ar Dhráma Raidió, Caidrimh, i gcuimhne ar Sir Samuel Ferguson agus Duais an Oireachtais/RTÉ ar script scannáin Ceobhrán. I 1992 i gcomhar le Peter Karanja bhain sé phríomhdhuais phróis an Oireachtais ar Oidhe Clainne Mumbí.

Additional information

Weight 114 g

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Piocarsach”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.