Description
Scríbhneoir a bhfuil a ainm in airde le fada as feabhas a shaothair próis is ea Pádraic Breathnach. Ba i 1974 a d’fhoilsigh sé a chéad chnuasach gearrscéalta, Bean Aonair agus Scéalta Eile, agus tá sé ag scríobh agus ag foilsiú ar bhonn leanúnach ó shin.
I measc na n-ábhar a dtarraingítear aird orthu sa bhailiúchán seo – an chéad chnuasach d’aistí critice ar a shaothar – tá tionchar an dúchais agus an timpeallachta cultúrtha ar an mBreathnach féin chomh maith lena chuid carachtar. Cíortar fosta mar a shaothraíonn an Breathnach coincheapa uilíocha an nuaphróis – an coimhthíos, an choimhint agus an chumarsáid ina measc. Más é an gearrscéal an seánra is túisce a luaitear le Pádraic Breathnach, tugtar suntas sa chnuasach seo freisin d’éabhlóid an Bhreathnaigh mar scríbhneoir i bhfianaise an cíoradh a dhéantar ar a chuid úrscéalta agus ar a shaothar aistriúcháin.
Reviews
There are no reviews yet.