Reilig Chathair Bhéal Feirste

£9.99

Seán Fennell/Fionntain Ó Mealláin

2 in stock

SKU: 30169 Category:

Description

Tá an leabhar seo dírithe ar dhuine ar bith a bhfuil suim acu i stair na hÉireann agus i stair Bhéal Feirste. Leanann muid lorg stair na cathrach agus stair an domhain fríd shaol na ndaoine clúiteacha atá curtha faoi chré na cille i Reilig Chathair Bhéal Feirste.
Tá breis agus fiche duine a d’imir tionchar ar stair na cathrach faoi chaibidil sa leabhar .

Tá scéal Titanic, William Pirrie agus dár ndóighe Edward Harland san áireamh, chomh maith leis An Chéad Chogadh Domhanda agus Cros na nIobáirtí le feiceáil sa reilig. Tá tagairtí ann do thionsclaíocht Bhéal Feirste agus d’fhás na cathrach.

Tá gnéithe suimiúla ann a bhaineann le ról na mban agus cúrsaí oideachais, go háirithe Margaret Byers agus Vere Foster.
Tá amlíne staire Bhéal Feirste le sonrú sa reilig agus sa leabhar ó laethe na gCogaí Domhanda go dtí an Stailc Ocrais agus níos mó!
D’oibrigh an t-údár le Tom “Saineolaí na Reiligí” Hartley leis an leabhar a chur i gcrích agus tá turais as Gaeilge déanta ag Seán le grúpaí scoile – ‘STAIR FAOIN SPÉIR’!

Beidh leabhar ar Stair Reilig Bhaile an Mhuilinn réidh ar ball.

Additional information

Weight 280 g
Dimensions 294 × 210 × 5 mm

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Reilig Chathair Bhéal Feirste”

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.