Sceilg na Scál

Biddy Jenkinson

In stock

SKU: 26987 Category:
6660012170265

Description

Aon chiliméadar déag ó thalamh atá an Sceilg, an charraig sceirdiúil mar ar thóg Fíonán naofa a mhainistir míle go leith bliain ó shin, nach mór. Tá na hiarsmaí cloch le feiceáil go fóill. Faightear iarracht de léargas iontu ar shaol na manach ach níl aon éalú ó thionchar na carraige seo ag duine ar bith a thugann cuairt uirthi is a leagann cos ar an gcosán agus ar na céimeanna a thabharfaidh aníos ón gcé é go clocháin chrochta na mainistreach féin.
Cuid dílis de bhéaloideas na muintire í an Sceilg go deimhin agus tá cuimhne go fóill ar Liostaí na Sceilge ina ndéantaí scigmhagadh ghéar-róghéar, róghangaideach, b’fhéidir- faoi dhaoine nach mbeadh pósta faoi dheireadh na hInide ach a mbeadh aga sa bhreis acu dá dtabharfaidís an turas farraige orthu féin!
Braitear tionchar domhain na carraige úd ar an saothar is déanaí seo ó láimh Biddy Jenkinson, saothar fuinte ilchineálach a osclóidh súile creidmheach agus neamh-chreidmheach araon.
Thaitneodh saothar Biddy le Fíonan na Sceilge – b’fhéidir – ach is cinnte go dtaitneoidh a cuid le cailleach nite na léine!

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...