Scothscéalta Eagrán Úr

£11.40

Pádraig Ó Conaire

Only 1 left in stock

SKU: 18329 Category:

Description

Réabhlóidí i litríocht na Gaeilge ba ea Pádraic Ó Conaire. Is deacair dúinn anois a shamhlú chomh mór is chomh bunúsach is a bhí an réabhlóid a chuir sé ar bun. Nuair a bhí daoine eile ag áiteamh go gcaithfí an litríocht nua a bhunú ar a raibh ann cheana, nó ar an seansaol, nó ar fhoirmeacha an bhéaloidis, chuir sé go tréan ina gcoinne. Rinne sé an beart. Scríobh sé scéalta a bhain le saol a linne, agus an té a scríobhann scéalta a bhaineann le saol a linne, scríobhann sé scéalta a léifear go deo. Ní hé an tÉireannach, ná an Gael, ná an fear nó an bhean as Conamara is cás leis, ach an duine féin. Is fíor go bhfuil gach locht dá raibh riamh ar scéalaí ar Phádraic Ó Conaire. Ach sáraíonn sé an uile cheann díobh. Éiríonn leis mar tá beatha agus faghairt ina chuid scéalta, tá draíocht iontu nach gcaithfidh na blianta. Cruthaíonn sé saol ina bhfuil an duine féin botúnach agus leochaileach agus amaideach, agus cé a déarfadh nach é sin an saol fírinneach ar fad? Is maith mar a ainmníodh Scothscéalta, mar is scoth na scéalta iad.

A selection of ten of the best stories from one of the most prolific contemporary writers from the time of the Gaelic revival at the turn of the 20th century.

Additional information

Weight 286 g
Dimensions 217 × 140 × 12 mm

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Scothscéalta Eagrán Úr”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.