Seachrán Jeaic Shéain Johnny
Micheál Ó Conghaile
Out of stock
Description
Tá seo ar cheann de na scéalta is spreagúla atá léite agam le fada an lá. Tá sé dúshlánach, cumhachtach, fileata, mealltach agus ealaíonta. Níl aon amhras ach go mbeidh sé conspóideach fosta de bharr a théama.
Píosa iontach scríbhneoireachta atá anseo atá fáiscthe as dúchas na Gaeilge agus na Gaeltachta ach treabhann sé goirt nár tugadh fúthu sa dóigh seo riamh. Is léiriú é ar fheabhas agus ar ardchaighdeán na scríbhneoireachta anseo nach mbíonn an léitheoir cinnte an bhfuil eachtraí an scéil ag titim amach i bhfírinne nó an seachrán inmheánach amháin atá ann.
Eiríonn leis an ealaíontóir an t-amhras seo a chothú aige le Jeaic ag an am céanna. Cuireann an scéal seo go leor de sheanmhúnlaí na scríbhneoireachta de dhroim seoil agus fágann sé míshuaimhneas, míshocracht ar an léithreoir atá meallta ag uaigneas agus ag mianta an tseanduine.
Eacht scríbhneoireachta. Beidh trácht air ar feadh i bhfad.
Cathal Póirtéir (An tOireachtas)
Reviews
There are no reviews yet.