Seraphina

Rachel Hartman, Scott Oser

£11.30

In stock

SKU: 29162 Category:
6660012210114

Description

 

 

Daichid bliain ó shin, rinneadh síocháin idir tír na Goiréide agus na dragain atá in ann cruth daonna a chur orthu féin.

Díreach roimh cheiliúradh na síochana, afách, maraítear prionsa Goiréadach, agus is cosúil go raibh baint ag dragain leis an bhfeall.

Go tobann, ta cuma thar a bheith leochaileach ar an tsíocháin…

Tá Seraphina Dombegh, Fliúiteadóir éirimiúil, díreach tar éis dul le gairm an cheoil sa chúirt ríoga, de bharr an léargas ar leith ata aicí ar chúrsaí, iarrtar uirthi dul i bpáirt leis an bprionsa géarchúiseach Lucian Kiggs, captaen Gharda na Banríona, leis an dúmharú a fhiosrú.

Ar an Drochuair, tá rún millteanach dá cuid féin ag Seraphina.

An mbeidh sí in ann cabhrú leis an bprionsa teacht ar an dúnmharfóir gan an fhírinne fúithí féin a nochtadh- fírinne a chuirfeadh a cairdeas leis an bprionsa i mbaol, nó fiú a beatha féin?

 

 

 

Is as Kentucky í Rachel Hartman, ach bhí cónaí uirthi in áiteanna
éagsúla sna Stáit Aontaithe, chomh maith le Sasana agus an tSeapáin.
Tá céim BA sa Litríocht Chomparáideach aici ó Ollscoil Washington.
Foilsíodh a céad úrscéal Seraphina in 2012, agus bronnadh an William
C Morris Award agus an Cybils Award air, na gradaim is mó le
haghaidh ficsean d’aosaigh óga i Meiriceá. Bhí a dara húrscéal Shadow
Scale ar liosta na leabhar is mó díol ag an New York Times an tseachtain
ar foilsíodh é, agus tháinig a húrscéal Tess of the Road amach in 2018.
Tá sí ina cónaí in Vancouver, Ceanada lena fear céile agus a mac.
Tá Scott Oser ina Ollamh le Fisic in Ollscoil British Columbia, agus
réimse gradaim eolaíochta bronnta air. Bhain sé duais Oireachtais in
2019 as a aistriúchán ar An Dhammapada: Nathanna an Bhúda. Tá sé
pósta le Rachel Hartman.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...