Sionnach ar mo Dhuán
£13.50
Breandán Ó hEithir
1 in stock
Description
“Ná lig do dhuine ná do dhaoine crobhnasc a chur ort de do bhuíochas… agus ná lig don bhideach de thír seo é a dhéanamh leat ach oiread” – comhairle Larry do Mháirtín Ó Méalóid ag deireadh Lig Sin i gCathú, an chéad urscéal le Breandan Ó hEithir.
D’fheadfaí an chomhairle chéanna a chur ar Phiaras Mac Con Mí nuair a tharraingíonnn sé anáil ag deireadh an Odyssey iontach seo, ar a bhealach ar ais as ifreann – má tá. Ach ní i dTír na nIontas atáimid anseo. Tá an t-úrscéal seo greannmhar agus uafásach; agus ina stíl ealaíonta próis, idir chomhrá agus scéalaíocht, chomh dea-scríofa sin gur féidir é a léamh idir shuí agus éirí. Ach ná déan. Ní rómhinic a thagann an Nollaig chuig pobal léitheoireachta na Gaeilge i bhfoirm dá leithéid seo.
Additional information
Weight | 438 g |
---|---|
Dimensions | 210 × 130 × 30 mm |
Reviews
There are no reviews yet.